16 Bealtaine 2017

Tá baill an Choimisiúin ar Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn fógartha inniu ag an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald TD.

Beidh Kathleen O’Toole ina cathaoirleach ar an gCoimisiún, de réir mar a shocraigh an Rialtas ar an 9 Bealtaine 2017. Is iad seo a leanas, baill eile an Choimisiúin: An tUasal Noeline Blackwell, an tUasal Conor Brady, an Dr. Johnny Connolly, Vicky Conway Uasal, An tUasal Tim Dalton, An tUasal Peter Fahy, An Dr. Eddie Molloy, Tonita Murray Uasal, An Dr. Antonio Oftelie, an tOllamh Donncha O’Connell, agus Helen Ryan Uasal.

Gné thábhachtach a bhaineann leis an gCoimisiún ná gur féidir leis moltaí a dhéanamh láithreach bonn agus moltaí eile de réir mar atá obair an Choimisiúin ag dul ar aghaidh de réir mar a cheaptar gur cheart aghaidh a thabhairt orthu sa ghearrthéarma, sula gcuirtear an tuarascáil dheireanach ar fail.
 

Tar éis an chruinnithe rialtais inniu, áit ar aontaíodh téarmaí tagartha an Choimisiúin, dúirt an Tánaiste: “Cuimsíonn na téarmaí tagartha seo don Choimisiún ar Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn na feidhmeanna uilig atá ag an nGarda Síochána, lena n-áirítear sábháilteacht pobail, slándáil stáit agus inimirce, agus na heagrais uilig a bhfuil ról maoirseachta agus freagrachta acu, lena n-áirítear na trí eagras reachtúla, chomh maith le mo Roinnse agus an Rialtas. Cinntíonn siad go ndéanfar iniúchadh cuimsitheach ar na gnéithe uilig a bhaineann le póilíneacht in Éirinn.
 

“Tá cruthaithe ag baill an Choimisiúin go bhfuil siad thar a bheith inniúil sna réimsí ar leith a bhaineann leo. Tá sé mar aidhm ag na baill an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir dhearcaí ón mbaile agus go hidirnáisiúnta, agus tuiscintí acadúla, póilíneacht fheidhmeach, tuiscintí ón bpobal agus ó íospartaigh, bainistiú ar athruithe, cúrsaí rialaithe agus go deimhin taithí an Rialtais. Tá na daoine seo thar a bheith cumasach agus cinnteoidh siad go mbeidh éagsúlacht smaointeoireachta agus saineolais ann. 
 

“Is é seo an t-am ceart chun iniúchadh cuimsitheach a dhéanamh ar na gnéithe uilig a bhaineann le póilíneacht sa tír seo, de bharr cheisteanna áirithe atá tagtha chun solais, cuid acu a bhaineann leis an am atá caite, agus cuid acu comhaimseartha. Agus muid ag druidim i dtreo céad bliain ó bunaíodh An Garda Síochána, tugann sé seo deis dúinn cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a dteastaíonn uainn go dtabharfaí faoin bpóilíneacht sa tír seo. Ag an am céanna, leanann an obair thábhachtach a bhaineann le gnáth-phóilíneacht agus maoirseacht ar aghaidh mar is gnách.  
 

“Áirítear leis seo, clár cuimsitheach athchóirithe atá ar bun sa Gharda Síochána bunaithe ar thuairiscí Chigireacht an Gharda Síochána agus faoi mhaoirseacht neamhspleách ón Údarás Póilineachta. Níor chóir go gcuirfeadh bunú an Choimisiúin, bac ná moill ar bith ar na hathchóirithe seo, a rachaidh i bhfeidhm ar gach gné de riaradh agus fheidhmiú an Gharda Síochána.  
 

“Tá mé diongbháilte leanúint orm ag iarraidh droch-chleachtais oibre a aimsiú agus a cheartú. Mar thoradh ar bhunú an Údaráis Póilíneachta, tá eagras neamhspleách anois againn, i measc rudaí eile, a dhéanfaidh maoirseacht ar chur i bhfeidhm chlár athchóirithe an Gharda Síochána, agus go háirithe na moltaí a haontaíodh i dTuarascáil na Cigireachta ‘Póilíneacht a Athrú in Éirinn.’ Tá cúram ar an Údarás neamhspleách ceapacháin shinsearacha a dhéanamh sa Gharda Síochána ó thús na bliana seo. 
 

“Ní mór don athchóiriú leanúint ar aghaidh go síoraí seasta. Leanfaidh an obair a bhaineann leis na heagrais mhaoirseachta agus tacaíocht an Rialtais do An Garda Síochána ar aghaidh tríd na hacmhainní cuí earcaíochta agus infheistíochta a chur ar fáil.
 

“Is léir ó nithe atá tagtha chun solais le déanaí go bhfuil gá leis an ngrúpa saineolaithe seo ar chúrsaí póilíneachta chun ceisteanna córasacha a chíoradh agus tuairisc a chur ar fáil in am tráthúil maidir le hathruithe eile nach mór a dhéanamh chun teacht leis na riachtanais a bhaineann le fórsa comhaimseartha póilíneachta.” 
 

Ghabh an Tánaiste a buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na baill eile ar an gCoimisiún a bhí sásta  páirt a ghlacadh in obair thábhachtach a bhaineann le gach saoránach sa Stát.

 

Cuirfidh an Coimisiún tuairisc ar fáil faoi Mheán Fómhair 2018. 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Baill an Choimisiúin ar Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn

Kathleen O’Toole Uasal, Cathaoirleach

 Tá an Kathleen O’Toole Uasal ina ceannasaí ar Phóilíní Seattle faoi láthair. Bhí sí ina hArd-Chigire ar Chigireacht an Gharda Síochána idir 2006 agus 2012 agus roimhe sin, bhí sí ina Coimisinéir ar Phóilíní Bhostúin.


Noeline Blackwell Uasal

 Is dlíodóir cearta daonna í Noeline Blackwell Uasal atá ina Príomhfheidhmeannach ar an Ionad Éigeandála um Éigniú i mBaile Átha Cliath. Bhí sí ina hArd-Stiúrthóir ar an Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC) cheana.

An tUasal Conor Brady

Is iar-eagarthóir é an tUasal Conor Brady ar an Irish Times agus an Sunday Tribune agus bhí sé ina bhall de Ombudsman an Gharda Síochána ó 2005 go dtí 2011. Tá sé tar éis go leor a scríobh faoi stair an Gharda Síochána agus bhí sé ina ollamh ar cuairt ag an John Jay College of Criminal Justice i Nua-Eabhrac. 

An Dr Johnny Connolly

Is Scoláire Fiontair é an Dr Johnny Connolly de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn ag an Ionad um Choiriúlacht, Ceartas agus Léann Íospartach in Ollscoil Luimnigh.  ‘Freagra cuimsitheach ar bhonn chearta daonna a fhorbairt i leith coiriúlacht a bhaineann le buíonta coirpeach agus foréigean pobail’ an teideal atá ar a thogra taighde. Tá sé á chómhaoiniú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus an Chomhairle um Chearta an Duine. Bhíodh sé ag obair tráth, mar Chomhalta Taighde ar Cuairt sa Scoil um Obair Shóisialta agus Polasaí Sóisialta ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ina Oifigeach Taighde ag an Aonad um Thaighde ar Alcól agus Drugaí den Bhord um Thaighde Sláinte. Tá roinnt mhaith ábhar foilsithe aige ar cheisteanna dlí agus tá sé ina chomhalta boird d’Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil.

An Dr Vicky Conway

Is léachtóir le dlí í an Dr. Vicky Conway i Scoil an Dlí agus Rialachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a múineann sí an dlí coiriúil agus an choireolaíocht. Bhíodh sí fostaithe in Ollscoil Kent, in Ollscoil na Banríona Béal Feirste, in Ollscoil Luimnigh agus in Ollscoil Leeds. Is céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, (BCL, LLM), Ollscoil Edinburgh (MSSc Coireolaíocht) agus Ollscoil na Banríona Béal Feiriste (PhD, PGCert Ard-Oideachas) í Vicky. Is taighdeoir iomráiteach í an Dr. Conway ar phóilíneacht in Éirinn agus béim faoi leith aici ar an méid a bhíonn i bpáirt ag athruithe sóisialta, cultúr póilíneachta agus freagracht phóilíneachta. Tá dhá mhonagraf foilsithe aici ar phóilíneacht in Éirinn (The Thick Blue Wall: The Morris Tribunal and Police Accountability in the Republic of Ireland and Policing Twentieth Century Ireland: A History of An Garda Síochána). Tá eagarthóireacht déanta aici ar leabhar ar nósanna imeachta coiriúlachta agus roinnt mhaith alt ar phóilíneacht. Tá a cuid taighde maoinithe ag Acadamh na Breataine agus an Coimisiún Eorpach. Ceapadh í ina ball den Údarás Póilíneachta i Mí na Nollag 2015. Bhíodh sí ina bean léinn ar cuairt i Meiriceá Thuaidh, san Astráil agus in Éirinn. Tá Vicky ina ball de bhord an Chomhlachais Taighde agus Forbartha um Cheartas Coiriúil, agus bhíodh sí ina ball den Choiste Riaracháin Ceartas i dTuaisceart Éireann, a bhfuil gradam bronnta air.

An tUasal Tim Dalton

Iar-Ard-Rúnaí sa Roinn Dlí agus Cirt.

Sir Peter Fahy QPM., MA

Tá taithí ag an Uasal Peter Fahy ar a bheith ag obair le 5 fhórsa éagsúla de chuid na Ríochta Aontaithe. Chaith sé 5 bhliana ian Phríomhchonstábla ar Cheshire agus 8 mbliana ina Phríomhchonstábla ar Phóilíní Mhórcheantar Mhanchain le 13,000 ball foirne faoina stiúir. Leag sé béim ar Phóilíneacht Pobail agus é ina cheannasaí póilíneachta, agus chuir sé athruithe suntasacha i bhfeidhm. Bhí sé ina stiúrthóir ar an gCúrsa Ceannasaíochta Straitéisí sa choláiste do bhaill foirne na bpóilíní in Bramshill ar feadh 8 mbliana. Bhíodh sé i gceannas ar chúrsaí cine agus ilchineálachta agus forbairt an lucht saothair agus bhí sé ina cheannasaí náisiúnta póilíneachta ar an gClár um Chosc ar Sceimhlitheoireacht. Tá sé ina bhall d’Fhóram Taighde Fheidhmeannaigh Phóilíneachta na Stát Aontaithe i gcaitheamh a shaoil agus bhí sé ina bhall de bhord an Fhóraim cheana. Nuair a d’éirigh sé as cúrsaí póilíneachta i Mí na Samhna 2015 bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar an gcarthanacht Retrak a thugann cúnamh do pháistí sráide. I measc cúraimí eile, oibríonn sé le fórsaí póilíneachta san Afraic maidir leis an mbealach is fearr chun déileáil le páistí leochaileacha. Tá sé ina Chathaoirleach ar Chumann Tithíochta Plus Dane, agus ina iontaobhaí de Dheoise Chaitliceach Salford agus é ina iontaobhaí do roinnt eagras eile.  Tá sé ina ollamh oinigh ag Ollscoil Mhanchain.

An Dr Eddie Molloy

Tá an Dr. Eddie Molloy ina Chomhairleoir Neamhspleách Bainistíochta, Eagraíocht Stiúrthóir Forásach. Tá saineolas aige i gcúrsaí straitéise, athruithe móra in eagraíochtaí a bhainistiú agus nuálaíocht.

 Tonita Murray Uasal

Tá Tonita Murray Uasal ina comhairleoir d’fhorbairt póilíneachta go hidirnáisiúnta agus taithí breis is 40 bliain aici mar shibhialtach in aireachtaí rialtais ag stiúradh na bpóilíní agus i Marcoifigigh Ríoga Póilíneachta Cheanada (RCMP). Tá saineolas aici ar athchóiriú póilíneachta, forbairt polasaithe, traenáil, ceannasaíocht agus bainistíocht. Le linn a tréimhse san RCMP bhí sí ar dhuine de na ceannasaithe ar athrú eagraíochtúil agus ina hArd-Stiúrthóir ar Choláiste Póilíneachta Cheanada. Ó 2003 i leith, tá baint aici le hathchóiriú póilíneachta san Afganastáin agus sa Chéinia, lena n-áirítear príomh-shruthú inscne agus póilíneacht thuisceanach. Tá ábhar foilsithe aici ar bhainistiú agus athchóiriú póilíneachta, freagracht agus rialú, mná i gcúrsaí póilíneachta agus an iarracht san Afganastáin ar mhaithe le hathchóiriú póilíneachta.  

An Dr Antonio Oftelie

Tá an Dr. Antonio M. Oftelie ina Stiúrthóir Feidhmeach, ina Cheannaire ar Dhomhan Líonraithe agus ina Chomhalta d’Ionad Teicneolaíochta agus Fiontraíochta Harvard. Déanann an Dr. Oftelie taighde, bíonn sé ag teagasc, agus tugann sé comhairle maidir leis an mbealach is fearr chun cúrsaí dlí, polasaithe agus teicneolaíocht a thabhairt le chéile chun an timpeallacht is fearr a chruthú do nuálaíocht agus oiriúnú eagraíochtúil.  Agus é lonnaithe i Scoil na hInnealtóireachta agus na n-Eolaíochtaí Feidhmeacha John A. Paulson in  Ollscoil Harvard, déanann Antonio Clár na nGradam Nuálaíochta a riaradh, tá sé ina cheannasaí dáimhe ar na Seirbhísí Daonna, Sláinte agus Slándáil Pobail, ina Phríomhoifigeach Airgeadais, Oibríochtaí don Chéad Ghlúin Eile, cruinnithe mullaigh don Earnáil Phoiblí sa Todhchaí, agus ó 2004, mhúin sé agus d’fhorbair sé breis is 40 clár feidhmeach oideachais ag Harvard. Baineann sé leas as a chuid taighde trí chomhairle a chur ar fheidhmeannaigh shinsearacha rialtais agus gnó maidir le claochlú eagraíochtúil trí chúnamh a thabhairt dóibh a misean agus a straitéis a fheabhsú, múnlaí nua seirbhíse agus gnó a chruthú, cumas treallúsach a fhorbairt, beartais nua feidhmíochta agus luachanna a chruthú. 

An tOllamh Donncha O’Connell

Is Ollamh cruthaithe le Dlí é an tOllamh Donncha O’Connell i Scoil an Dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a bhfuil téarma ceithre bliana díreach críochnaithe aige mar Cheannasaí na Scoile. Tá sé freisin ina Choimisinéir den Choimisiún um Athchóiriú an Dlí, agus chaith sé téarma cheithre bliana ina chomhalta boird den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil. Bhí an tOllamh O’Connell ina Chomhalta Sinsearach ar Cuairt ag an Ionad um Staidéar ar Chearta Daonna, Scoil na hEacnamaíochta i Londain sa bhliain acadúil 2009-2010. Ó 1999-2002, ba é an chéad Stiúrthóir lán-aimseartha ar an gComhairle um Chearta an Duine (ICCL) é. Tá tamall caite aige ar na boird de na heagraíochtaí neamhrialtasacha cearta daonna seo a leanas: INTERIGHTS; Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC) Teo; agus Amnesty International - Ireland. Bhí sé ina bhall de Líonra Saineolaithe Neamhspleácha an Aontais Eorpaigh ar Chearta Bunúsacha a chuir comhairle ar Choimisiún an AE maidir le réimse leathan ceisteanna chearta daonna ó 2002-2007, agus le déanaí, ball sinsearach na hÉireann de FRALEX, grúpa saineolaithe dlí a chuir comhairle ar Ghníomhaireacht an AE do Chearta Bunúsacha (FRA) i Vín na hOstaire ó 2007-2010.

Helen Ryan Uasal

Bhí Helen Ryan Uasal ina Príomhfheidhmeannach ar Creganna-Tactx Medical ó 2005-2013, soláthraí domhanda d’earnáil na bhfearas leighis, a dhíríonn ar tháirgí, teicneolaíochtaí agus réitigh do theiripí neamhionracha. Tá an comhlacht áirithe faoi láthair ar cheann de na 10 gcomhlacht is fearr ar domhan a sholáthraíonn fearais leighis ar conradh. Ina Príomhfheidhmeannach di, mhéadaigh an comhlacht faoi chúig go dtí an comhlacht dúchasach is mó a sholáthraíonn fearais leighis. Áiríodh sa mhéadú, trí chomhlacht a cheannach, comhfhiontar straitéiseach san Áis, suim shuntasach airgid a chruinniú chun fiacha agus cothromas a mhaoiniú. D’fhás an comhlacht ó 100 duine ar láthair amháin i nGaillimh go dtí breis is 1,250 duine ar fud an domhain ar cheithre láthair in Éirinn, sna Stáit Aontaithe agus i Singeapór. Sular thosaigh sí le Creganna-Tactx sa bhliain 2003, bhíodh sí ag obair le Medtronic agus Tyco Healthcare (Covidien) i bhForbairt Táirgí agus róil bhainistíochta feidhmí i gcúrsaí Taighde agus Forbartha. Tá sí ina comhalta d’Institiúid Innealtóirí na hÉireann agus ar bhord Fiontraíocht Éireann agus bhord Fhondúireacht Ollscoil na Gaillimhe freisin. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Chomhlachas Fearas Leighis na hÉireann, agus tá sí ina stiúrthóir neamhfheidhmeach ar roinnt comhlachtaí.

 

An Coimisiún ar Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn - Téarmaí Tagartha

Tá ról thar a bheith tábhachtach ag an nGarda Síochána, an tseirbhís náisiúnta póilíneachta a bhfuil cúraimí slándála pobail, slándáil stáit agus inimirce orthu, i sochaí na hÉireann, agus bhí tacaíocht acu riamh ó fhormhór mór an phobail.  Tá  roinnt mhaith conspóidí ag baint leis an nGarda Síochána le 10 mbliana anuas, áfach, agus leanann an nós sin inniu. In ainneoin beartas cuimsitheach chun dul i ngleic le cúiseanna na gconspóidí, lena n-áirítear creatlach nua maoirseachta agus clár athchóirithe a chur i bhfeidhm go leanúnach laistigh den Gharda Síochána, tá imní ann fós maidir le freagracht an Gharda Síochána, cumas ceannasaíochta agus bainistíochta an fhórsa agus na nósmhaireachtaí agus an meon atá ann. D’fhéadfadh an imní seo dochair a dhéanamh don mhuinín atá ag an bpobal as cúrsaí póilíneachta agus do dhlisteanacht an Gharda Síochána.  Ina theannta sin, cosúil le gach fórsa póilíneachta, tá dúshláin inmheánacha agus dúshláin sheachtracha le sárú, atá fréamhaithe san athrú ar an gcomhthéacs ina bhfuil gach seirbhís póilíneachta ag feidhmiú san 21ú haois. Áirítear anseo, ionchais níos airde trédhearcachta, freagrachta agus gairmiúlachta, athruithe sa chineál coiriúlachta, athruithe sa tsochaí agus an gá atá le gnáth-rannpháirtíocht réamhghníomhach leanúnach le pobail áitiúla.

Tá sé de cheart ag muintir na hÉireann seirbhís phóilíneachta a bheith acu atá gairmiúil agus éifeachtach agus a bhféadfaidh siad muinín a bheith acu astu chun gníomhú de réir an dlí agus de réir chaighdeáin chuí eitice a bhaineann le seirbhís chomhaimseartha phóilíneachta; a bhfuil an cumas ceannaireachta agus bainistíochta iontu a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil, chun dúshláin a thagann chun cinn a shárú agus na buntáistí a bhaineann le beartais leanúnacha athchóirithe a thuiscint; agus atá faoi réir maoirseacht sheachtrach. Is ceart Coimisiún a bhunú chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an ról, ar na struchtúir, ar cheannaireacht agus bainistíocht, éiteas agus cultúr na póilíneachta agus na socruithe reatha maoirseachta agus comhairliúcháin chun a chinntiú go gcomhlíonann an phóilíneacht in Éirinn na caighdeáin a mbítear ag súil leo agus go bhfuil tacaíocht acu ó mhuintir na hÉireann. Ní mór go gcuimseodh a leithéid d’athbhreithniú na feidhmeanna uilig atá ag an nGarda Síochána (lena n-áirítear sábháilteacht phobail, slándáil Stáit agus inimrce) agus na heagrais uilig a bhfuil ról maoirseachta agus freagrachta acu i leith a gcuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear an tÚdarás Póilíneachta, Cigireacht an Gharda Síochána, Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, Comhchoistí Póilíneachta, an Roinn Dlí agus Cirt, agus aird a bheith ag an Rialtas ar an riachtanas go mbeidh freagracht dhaonlathach agus pholaitiúil ann.

Leanfaidh na feidhmeanna maoirseachta agus freagrachta agus feidhmeanna gaolmhara faoi na heagrais reachtúla chuí, fad is a bheidh an Coimisiún ar bun, agus beidh ionchur tábhachtach acu in obair an Choimisiúin. Tá tús curtha le clár leanúnach athchóirithe bunaithe ar thuairiscí ó Chigireacht an Gharda Síochána atá á bpróiseáil trí Chlár Nua-Chóirithe agus Athnuachana Choimisinéir an Gharda Síochána (2016-2021) a chur i bhfeidhm agus tá maoirseacht á dhéanamh orthu ag an Údarás Póilíneachta. Níor cheart go gcuirfeadh obair an Choimisiúin isteach ar na forbairtí tábhachtacha seo agus is faoin gCoimisiún a bheidh sé, leithéidí na bhforbairtí sin a lua ina dTuarascáil, de réir mar is cuí. 

Agus aird á thabhairt air seo, déanfaidh an Coimisiún fiosruithe faoi phóilíneacht in Éirinn agus, bunaithe ar thorthaí na bhfiosruithe sin, cuirfear moltaí faoi bhráid an Rialtais i ndáil le todhchaí na póilíneachta.

Ba cheart go rachfaí i ngleic sna moltaí le: 

- Na struchtúir agus na socruithe bainistíochta atá ag teastáil do phóilíneacht éifeachtach (lena n-áirítear na feidhmeanna reatha uilig atá ag an nGarda Síochána – sábháilteacht phobail, slándáil stáit agus inimirce)

- Cinntiú go mbunófar na struchtúir chuí a bhaineann leis na gnéithe póilíneachta uilig a chur ar fáil (struchtúr aonadach nó struchtúr eile)

- Go bhfuil an cumas cuí ceannaireachta agus bainistíochta ann chun póilíneacht éifeachtach agus freagrach a chur ar fáil 

- Go bhfuil córais fhónta bainistíochta agus maoirseachta ann

- Go bhfuil córais chuí faisnéise ar fáil do sheirbhís chomhaimseartha phóilíneachta.

 

- An comhdhéanamh, earcaíocht agus traenáil chuí do bhaill foirne a chinntiú

- An comhdhéanamh is fearr ar sheirbhísí póilíneachta a chinntiú, idir oifigigh atá faoi mhionn agus nach bhfuil faoin mhionn, agus Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána

- Go léirítear sa phearsanra ilchineálacht shochaí na hÉireann

- Go n-úsáidtear modhanna cuí earcaíochta chun baill foirne a sholáthar

- Forbairt leanúnach ghairmiúil chuí do gach ball foirne chun na dúshláin a bhaineann le póilíneacht chomhaimseartha a shárú

 

- Cultúr agus éiteas na póilíneachta

- Cinntiú go bhfuil éiteas soiléir ann a chuireann luachanna agus iompar chun cinn a mbeifí ag súil leo ó sheirbhís chomhaimseartha póilíneachta, lena n-áirítear iompar i dtaca le cearta na ndaoine a fhulaingíonn de bharr coireanna.

- Éiteas agus cultúr a chuireann luach ar fhreagracht agus a ghlacann le hathruithe, a théann i ngleic, go réamhghníomhach agus go leanúnach, le riachtanais na bpobal ilchineálach a ndéantar freastal orthu

- Cinntiú go n-aithnítear agus go gcoinnítear gnéithe luachmhara den chultúr póilíneacht atá ann cheana féin

 

- Na struchtúir chuí a chinntiú maidir le rialachas, maoirseacht agus freagracht

- Go bhfeidhmíonn póilíneacht de réir chreatlach soiléir rialachais agus freagrachta don dlí agus don phobal, a dtacaíonn struchtúir chiallmhara leis  

- Go bhfuil póilíneacht srianta ag, agus freagrach don dlí, agus go bhfeidhmíonn sé faoin dlí céanna

- Go bhfuil cumhachtaí agus nósanna imeachta póilíneachta cruthaithe go soiléir, mar atá an dlí, agus iad ar fáil go poiblí

- Go dtéitear i ngleic le haon sárú de na cumhachtaí nó na nósanna imeachta go héifeachtach agus go cothrom

- Go bhfuil bealaí ann chun gearáin in aghaidh an Gharda Síochána a fhiosrú agus breith a thabhairt orthu, atá oscailte, so-aimsithe agus neamhspleách

- Go bhfuil socruithe i bhfeidhm i ndáil le cúrsaí freagrachta agus leas a bhaint as acmhainní go héifeachtach, go héifeachtúil agus go heacnamaíoch i dtaca leis na feidhmeanna póilíneachta uilig chun cuspóirí póilíneachta a bhaint amach

- Go bhfuil bealaí éifeachtacha ann chun iniúchadh neamhspleách gairmiúil ar sheirbhísí póilíneachta a chinntiú agus deimhniú go gcloítear le caighdeáin chuí gairmiúla

- Cinntiú go bhfuil an creatlach reachtaíochta sách cuimsitheach chun na dúshláin a bhaineann le póilíneacht chomhaimseartha a shárú 

 

Ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas agus é i mbun a chuid oibre:

- Ceisteanna reatha agus nua a shonraítear mar dhúshláin thábhachtacha don mhúnla póilíneachta in Éirinn, m.sh. athrú ar an saghas coiriúlachta, an tsochaí (lena n-áirítear breis ilchineálachta) agus an méid a bhfuil súil ag an bpobal leis agus an gaol atá acu le struchtúir, múnlaí seachadta seirbhísí, muinín an phobail, beartais fheidhmíochta srl.

- Tagmharcanna idirnáisiúnta i dtaca leis an tseirbhís phóilíneachta is éifeachtaí a chur ar fáil 

- Na cleachtais is fearr agus athruithe ar mhúnlaí póilíneachta i dtíortha eile agus aird faoi leith ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht níos fearr, agus muinín an phobail i gcúrsaí póilíneachta a chothú, agus na bealaí a bhféadfaí na beartais sin a chur i bhfeidhm in Éirinn

- Tuarascálacha a bhí ann cheana i dtaca le póilíneacht in Éirinn

- Aon dúshlán faoi leith maidir le hathchóiriú seasta struchtúrtha agus cultúir 

 

Ba cheart don Choimisinéir dul i gcomhairle leis an bpobal go forleathan, agus le haon eagras nó daoine eile de réir mar is cuí

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil faoi Mheán Fómhair 2018.
 

Is féidir leis an gCoimisiún moltaí a dhéanamh láithreach bonn, agus moltaí eile de réir mar atá obair an Choimisiúin ag dul ar aghaidh de réir mar a cheaptar gur cheart aghaidh a thabhairt orthu sa ghearrthéarma, sula gcuirtear an tuarascáil dheireanach ar fáil.
 

Ba cheart don Choimisiún feidhmiú na moltaí agus na córais atá ag teastáil chun maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas sin, a lua sa tuarascáil/sna tuarascálacha.

CRÍOCH

 

Fís Amháin Státseirbhís