Réamhstair na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais, 1919-1924, á haithris i gcur i láthair Powerpoint, ina bhfuil míreanna as seanscannáin nuachta, chomh maith le sean-ghrianghraif, portráidí agus seancháipéisí.

 

 

Luathstair na Roinne

 An Chéad Dáil, an Cruinn-Seomra, Teach an Ard-Mhéara, 21 Eanáir 1919. © Leabharlann Náisiúnta na hÉireann   Caoimhín Ó hUigín, Mícheál Ó Coileáin agus Éamonn Ó Dúgáin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 16 Eanáir 1922 tar éis an aistrithe fhoirmeálta cumhachta. © Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí tábhacht ar leith don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag baint leis an gcéad chruinniú den Chéad Dáil, a tionóladh ar an 21 Eanáir 1919 i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath. Rinneadh socrú leis an mBunreacht, a fógraíodh ag an gcruinniú sin, maidir le bunú Aireachta um Ghnóthaí Dúiche. Cúig bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1924, athainmníodh an Roinn um Ghnóthaí Dúiche mar an Roinn Dlí agus Cirt, agus ceapadh an tAire um Ghnóthaí Dúiche san am, Caoimhín Ó hUigín, mar an chéad Aire Dlí agus Cirt.

Ba é Mícheál Ó Coileáin a ceapadh mar an chéad Aire um Ghnóthaí Dúiche, ar an 22 Eanáir 1919. Bhí sé san Aireacht sin go dtí Aibreán na bliana sin, nuair a ceapadh ina Aire Airgeadais é. Agus é san Aireacht sin, bhunaigh sé an Iasacht Dála trínar maoiníodh obair na Státseirbhíse Náisiúnta a chuir an Chéad Dáil ar bun.

Ba tar éis d’Aibhistín de Staic teacht i gcomharbas ar Art Ó Gríofa mar Aire um Ghnóthaí Dúiche i Samhain 1919 a tháinig ann, dáiríre, don Roinn um Ghnóthaí Dúiche. Ba é an rud ba mhó a bhain an Roinn um Ghnóthaí Dúiche amach faoin Aire de Staic ná Cúirteanna Eadrána (‘Cúirteanna Dála’ nó ‘Cúirteanna Poblachtánacha’) a chur ar bun ar fud an náisiúin. Bhain na cúirteanna sin an bonn de chóras cúirteanna na Breataine agus neartaigh siad leis an bhfeachtas chun flaitheas na hÉireann a bhaint amach. Cuireadh fórsa Póilíní Poblachtánacha ar bun chun tacú leis na Cúirteanna Eadrána, chomh maith, agus le bheith mar mhalairt ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i gcodanna den tír.

Ghabh treallchogaíocht leis an bhfeachtas ar son fhlaitheas na hÉireann, chomh maith – is é sin, Cogadh na Saoirse (an Cogadh Angla-Éireannach), ar cuireadh tús leis nuair a tháinig an Chéad Dáil le chéile in Eanáir 1919. Maraíodh os cionn míle duine sa chogadh sin, a mhair go dtí 11 Iúil 1921, nuair a tháinig Sos Cogaidh i bhfeidhm, le go mbeadh comhchainteanna ann idir údaráis na hÉireann agus údaráis na Breataine.

Cé go raibh an Coileánach agus an Gríofach araon ar an gcúigear Éireannach a shínigh an Conradh Angla-Éireannach, ar an 6 Nollaig 1921, chuir Aibhistín de Staic i gcoinne an Chonartha idir an Bhreatain Mhór agus Éire. Ina dhiaidh sin, ar an 10 Eanáir 1922, cuireadh Éamonn Ó Dúgáin, ar dhlíodóir é agus duine eile den chúigear Éireannach a shínigh an Conradh, in áit Aibhistín de Staic mar Aire um Ghnóthaí Dúiche.

In Eanáir 1922, rinne Rialtas Sealadach na hÉireann, a cuireadh ar bun faoi théarmaí an Chonartha, Roinn um Ghnóthaí Dúiche a bhunú, Roinn a bhí ar leith ón Roinn um Ghnóthaí Dúiche a bhí ann cheana féin. Cuireadh an Roinn nua – a bhí faoin Aire Ó Dúgain, chomh maith – i mbun na n-oifigí agus na ndreamanna a bhí freagrach as feidhmeanna agus seirbhísí a bhain leis na póilíní agus na cúirteanna in Éirinn a riaradh faoi réimeas na Breataine go dtí sin.

Rinneadh baill foirne ó Oifig Phríomh-Rúnaí Chaisleán Bhaile Átha Cliath, mar aon le státseirbhísigh eile a bhíodh ag obair faoi údaráis na Breataine – agus daoine eile, lena n-áirítear baill foirne ó na Ranna Stáit a bhí curtha ar bun ag an gCéad Dáil – a aistriú isteach sa Roinn nua um Ghnóthaí Dúiche. Ba ar an 9 Meán Fómhair 1922 a ceapadh Caoimhín Ó hUigín ina Aire um Ghnóthaí Dúiche, agus faoin tráth sin bhí na baill foirne eile ón Roinn bhunaidh um Ghnóthaí Dúiche tógtha isteach sa Roinn nua um Ghnóthaí Dúiche.

Faoin tráth sin, áfach, bhí Cogadh na gCarad á fhearadh sa tír le breis is dhá mhí, idir fórsaí Éireannacha a bhí i bhfabhar agus i gcoinne an Chonartha. Maraíodh os cionn míle duine sa chogadh sin, mar a rinneadh i gCogadh na Saoirse achar gairid roimhe sin. Ar na mairbh sin bhí Mícheál Ó Coileáin, in aois a 31 bliain. D’ainneoin gur cuireadh deireadh leis an gcogadh sin laistigh de bhliain, ar an 24 Bealtaine 1923, feallmharaíodh Caoimhín Ó hUigín ceithre bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1927, agus gan é ach 35 bliain d’aois. Dhá bhliain ina dhiaidh sin arís, fuair Aibhistín de Staic – fear a d’imir ar fhoireann pheile Chiarraí a bhuaigh Cluiche Ceannais na hÉireann sa bhliain 1903 – bás agus gan eisean ach 50 bliain d’aois.

Ar na nithe suntasacha a bhain an Roinn um Ghnóthaí Dúiche amach idir 1922 agus 1924 bhí fórsa nua póilíneachta a bhunú – ar ar tugadh ‘an Garda Síochána’ faoi Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 – agus an tAcht a achtú faoinar cuireadh córas cúirteanna an lae inniu ar bun sa Stát, is é sin, an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924. Ath-ainmníodh an Roinn um Ghnóthaí Dúiche mar an Roinn Dlí agus Cirt faoin Acht Airí agus Rúnaithe, 1924.

Cúigear san iomlán a bhí ina nAirí um Ghnóthaí Dúiche le linn na tréimhse cúig bliana sin idir 1919-1924. Léiriú is ea é sin ar an tréimhse chorrach in Éirinn ónar eascair an Roinn Dlí agus Cirt sa bhliain 1924, an Roinn ar ar tugadh ‘an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais’ sa bhliain 2011.

 

 

Fís Amháin Státseirbhís