23ú Bealtaine


Bhí an t-ionsaí barbartha agus uafásach seo dírithe ar dhaoine a bhí amuigh i gcomhair oíche shiamsaíochta. Bhí ceangal láidir riamh idir Éirinn agus Manchain agus tacaímid go hiomlán lenár gcomharsana sa Ríocht Aontaithe ag an am brónach seo.

Tá a fhios agam ó a bheith ag caint le Coimisinéir na nGardaí ar maidin go bhfuil teagmháil déanta ag an nGarda Síochána leis na póilíní sa Ríocht Aontaithe faoi imeachtaí uafásacha na hoíche aréir agus go bhfuil an teagmháil seo á dhéanamh in éineacht leis an dianchomhoibriú leanúnach atá ar bun idir na gníomhaireachtaí slándála idirnáisiúnta.

Cé nach bhfuil aon athrú tagtha ar an measúnú slándála anseo agus nach bhfuil aon eolas ar leith againn maidir le haon bhagairt don tír seo, chuir ionsaí na hoíche aréir i gcuimhne dúinn nach féidir glacadh leis go bhfuil an tír seo slán ó hionsaithe ó dhaoine a bhfuil an ghráin acu ar ár gcuid luachanna agus dá bharr sin a thugann orthu na hionsaithe uafásacha seo a dhéanamh.

Leanfaidh an Garda Síochána, in éineacht lena gcomhghleacaithe in Óglaigh na hÉireann agus a gcomhpháirtithe slándála idirnáisiúnta, ag glacadh gach céim is gá le cur in aghaidh bhagairtí marfacha den chineál seo.

CRÍOCH

Fís Amháin Státseirbhís