17 Iúil 2019

Tá sé fógartha ag Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, inniu go gcuirfidh Éire in aghaidh an togra ón Aontas Eorpach le haghaidh deireadh a chur le hathruithe séasúracha cloig. Is sna sála ar an moladh ó Ghrúpa Stiúrtha Idir-rannach, a raibh cleachtadh comhairliúcháin phoiblí i gceist leis, a tháinig an cinneadh ón Rialtas gan tacú le haon togra ar dá bharr a d’fhéadfaí criosanna ama difriúla a chruthú ar oileán na hÉireann agus ar dá bharr a d’fhéadfaí cur isteach a chruthú ar Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh.

Dúirt an tAire Flanagan: “Cé go nglacaim leis go bhfuil a lán daoine i bhfabhar deireadh a chur le hathruithe séasúracha cloig, ní togra simplí é an togra seo. 

“Bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ann dá mbeadh dhá chrios ama dhifriúla againn ar oileán na hÉireann agus chruthódh sé sin fadhbanna gan ghá do dhaoine a chónaíonn ar an teorainn agus don gheilleagar uile-oileáin.

“Is údar misnigh dom go bhfuil an cinneadh ón Rialtas inniu ag teacht leis an tuairim a chuir 82% den phobal in iúl i bpobalbhreith ionadaíoch a reáchtáladh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.”

Cosúil le roinnt Ballstát, tá imní ar an Rialtas go bhféadfadh éagsúlacht criosanna ama ar fud an Aontais Eorpaigh teacht as an togra reatha. Sa chóras reatha, cinntear na criosanna ama bunaithe ar láthair gheografach ar bhonn thoir-thiar agus air sin amháin. De réir an togra, mar atá dréachtaithe, féadfaidh gach tír am samhraidh nó am geimhridh a roghnú ar fud na bliana ar fad. D’fhéadfadh Ballstáit a bhfuil a ndomhanfhad cosúil lena chéile amanna difriúla a roghnú de bharr an togra agus thug an Rialtas faoi deara go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an togra ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair.

Threoraigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais na comhairliúcháin agus an anailís ar an togra ón gCoimisiún.

Ar mhaithe le tuairim mhuintir na hÉireann, tuairim an tionscail agus tuairim grúpaí geallsealbhóirí eile a thomhas - agus chun breithniú a dhéanamh ar aon impleachtaí eile nó aon impleachtaí gan choinne a bheadh ag an togra - reáchtáladh pobalbhreith agus suirbhé poiblí agus iarradh aighneachtaí ó ghrúpaí geallsealbhóirí tábhachtacha mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí na Roinne. Áiríodh leis an bpobalbhreith, ar sheol Amárach Research í, sampla de 1,000 freagraí a bhí ionadaíoch don daonra náisiúnta. Fuarthas breis agus 16,000 freagra ar an suirbhé agus rinne geallsealbhóirí tábhachtacha breis agus 50 aighneacht.

Cé gur léiríodh sa chomhairliúchán gurbh fhearr le formhór an phobail go mbeadh an tráthnóna níos gile sa gheimhreadh, rud a d’éascódh, mar shampla, rochtain mhéadaithe ar ghníomhaíochtaí spóirt agus fóillíochta, tharraing grúpaí éagsúla aird ar na himpleachtaí a bheadh ann d’earnálacha ar leith. Go háirithe, ní raibh 82% díobh sin a ndearnadh suirbhé orthu i bpobalbhreith Amárach i bhfách le haon bheart as a dtiocfadh criosanna ama difriúla ar an oileán. In aighneachtaí eile, chuir geallsealbhóirí imní in iúl faoi na himpleachtaí a bheadh ann don talmhaíocht, don oideachas, don tsláinte, don turasóireacht, don trádáil, do chostais fóntais agus do sceidil iompair.

Is féidir cóip den tuarascáil ón nGrúpa Oibre Idir-rannach a léamh ag An Tuarascáil ón nGrúpa Idirrannach ar an Togra ón Aontas Eorpach le haghaidh Scor d’Athruithe Séasúracha Cloig

Beidh leagan Gaeilge den tuarascáil ón nGrúpa Oibre Idir-rannach ar fáil ar ball beag.

 Aighneachtaí a fuarthas ó eagraíochtaí

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Stair na n-athruithe cloig

San am i láthair, athraítear cloig dhá uair in aghaidh na bliana chun freastal ar phatrúin athraitheacha sholas an lae agus chun an líon uaireanta de sholas an lae a chur ar chomhréim le gníomhaíochtaí laethúla daoine.  Ba sa bhliain 1916 a tugadh am samhraidh isteach in Éirinn den chéad uair.

Ba sa bhliain 1980 a tugadh reachtaíocht an Aontais Eorpaigh um am samhraidh isteach den chéad uair. Rinneadh idirbheartaíocht ar an bpíosa reachtaíochta sin ar feadh tréimhse ceithre bliana sular tugadh isteach í.  Beag beann air sin, ní raibh aon chóras aonfhoirmeach i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh ach amháin tar éis naoi dtreoir san iomlán a ghlacadh thar thréimhse ama 20 bliain.  Ón mbliain 2001 i leith, athraíonn gach Ballstát go ham samhraidh ar an Domhnach deireanach de mhí an Mhárta agus athraíonn siad ar ais go dtí a n-am caighdeánach (am geimhridh) ar an Domhnach deireanach de mhí Dheireadh Fómhair. Ba é an cuspóir a bhí leis an Treoir ón Aontas Eorpach ná na socruithe náisiúnta éagsúla a bhí ann cheana a chomhchuibhiú agus, ar an mbealach sin, cur chuige comhchuibhithe a chinntiú i leith an athraithe ama laistigh den mhargadh aonair.

Tá trí chrios ama chaighdeánacha ann san Aontas Eorpach faoi láthair, agus iad eagraithe ar bhonn geografach:

Am Iarthar na hEorpa (Éire, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe);

Am Lár na hEorpa (17 mBallstát); agus Am Oirthear na hEorpa (an Bhulgáir, an Chipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghréig, an Laitvia, an Liotuáin agus an Rómáin).

Cloíonn Éire le meán-am Greenwich (GMT) le linn an gheimhridh agus athraíonn sí go GMT+1 le linn an tsamhraidh.

An deireadh atá beartaithe le hathruithe cloig

Ag teacht sna sála ar rún ó Pharlaimint na hEorpa i mí Feabhra 2018 agus ar chomhairliúchán a seoladh ar fud an Aontais Eorpaigh an samhradh seo caite, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra i mí Mheán Fómhair 2018 le haghaidh deireadh a chur le hathruithe séasúracha cloig. Faoin leagan reatha den togra, is sa bhliain 2021 a scoirfí den chlog a athrú dhá uair in aghaidh na bliana.

Is é seo a leanas an togra, mar atá leagtha amach faoi láthair:

Beidh an tsaoirse ag na Ballstáit a n-am caighdeánach a roghnú, ar choinníoll go dtabharfaidh siad fógra 18 mí don Choimisiún faoi sin.

Na chéad chéimeanna eile

Cé gur vótáil Parlaimint na hEorpa i bhfabhar an togra an 26 Márta 2019, ní cinneadh deiridh é sin. Is gá idirbheartaíocht a dhéanamh le Comhairle na nAirí go fóill agus beidh an ceadú deiridh bunaithe ar chomhchinneadh ó Pharlaimint an Aontais Eorpaigh agus ó Chomhairle na nAirí.

Is le Vótáil Tromlaigh Cháilithe sa Chomhairle agus le Vótáil i Suí Iomlánach i bParlaimint na hEorpa a chomhaontófar toradh na hidirbheartaíochta. Ciallaíonn Vótáil Tromlaigh Cháilithe go dteastóidh ón gComhairle an ceadú ó 55% de na Ballstáit (16 cinn), nach mór cónaí a bheith ar 65% ar a laghad de dhaonra an Aontais Eorpaigh iontu.

Fís Amháin Státseirbhís