23/04/2018
Inniu d’fhógair an tUas. Daithí Standúin, T.D., an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Comhionannas, Inimirce agus Lánpháirtíocht sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, gur féidir iarratais a dhéanamh anois chuig an Rannán Comhionannais ar chistiú le haghaidh imeachtaí chun páirt a ghlacadh i Seachtain Bhróid an Lucht Siúil agus na Romach, 2018, agus í a cheiliúradh.
Cistiú Sheachtain Bhróid an Lucht Siúil agus na Romach
Mar chuid dá shainchúram, féachann an Rannán Comhionannais le cumarsáid dhearfa a chur chun cinn i ndáil le Pobail an Lucht Siúil agus na Romach. Is gairm é seo ar thograí le haghaidh cistiú chun imeachtaí a óstáil lena gcuirfear Seachtain Bhróid an Lucht Siúil agus na Romach chun cinn, le himeachtaí náisiúnta a bheidh ar siúl sa tseachtain dar tús 28ú Bealtaine agus imeachtaí áitiúla a bheidh ar siúl sa tseachtain dar tús 4ú Meitheamh 2018.
Ag fógairt an chiste seo dó, dúirt an tAire:
“Tá sé go hiontach a bheith ábalta cistiú a chur ar fáil le haghaidh Sheachtain Bhróid an Lucht Siúil agus na Romach arís i 2018. Bígí bródúil as bhur mballraíocht sna pobail. Táim ag súil le neart imeachtaí breátha a fheiceáil ar fud na tíre go léir lena gcuirfear cuimsiú phobail an Lucht Siúil agus na Romach chun cinn.”
Tá cistiú de suas le €2,000 ar fáil agus ar oscailt d’iarratasóirí ag oibriú dóibh ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil do ghrúpaí pobal-bhunaithe.
Géillfear d’iarratais ar chistiú le haghaidh gníomhaíochtaí a shásóidh na critéir seo a leanas:
-
Rannpháirtíocht ghníomhach ag baill de phobal an Lucht Siúil agus/nó na Romach a bheith i gceist ag gach céim den tionscadal (an phleanáil, cur i ngníomh srl).
-
Cultúr an Lucht Siúil agus/nó na Romach a cheiliúradh agus a chur chun cinn.
-
Íomhá dhearfa de Chultúr an Lucht Siúil agus/nó na Romach a chur chun cinn don phobal leathan socraithe.
-
Ní foláir baill den phobal socraithe a bheith san áireamh agus cuireadh a thabhairt dóibh chuig an imeacht.
-
Ní foláir an t-imeacht a bheith inrochtana ag lucht féachana oscailte poiblí más féidir.
Ní foláir iarratais a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais ar Chistiú agus is ceart í sin a chur le ríomhphost chuig ntris@justice.ie roimh 12 meán lae ar an 4 Bealtaine 2018.
CRÍOCH
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
- Le haghaidh treorach ar iarratais déan an nasc seo a leanas a leanúint, le do thoil:
Nóta Treorach maidir le Cistiú Sheachtain Bhróid an Lucht Siúil agus na Romach, 2018
- Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil mar PDF anseo: Foirm Iarratais ar Chistiú do Sheachtain Bhróid an Lucht Siúil agus na Romach, 2018 (pdf) agus mar chomhad Word anseo Foirm Iarratais ar Chistiú do Sheachtain Bhróid an Lucht Siúil agus na Romach, 2018 (Word)