MEABHRÚCHÁN
CLOIG LE CUR AR AGHAIDH DEIREADH SEACHTAINE AN
24/25 MÁRTA 2018
Ba mhaith leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Cathal Ó Flannagáin, T.D., a mheabhrú don phobal i gcoitinne go dtosóidh “am samhraidh” ar 1.00 a.m. Meán-am Greenwich Dé Domhnaigh 25 Márta 2018. Is ceart cloig agus uaireadóirí a chur ar aghaidh uair an chloig ag an am sin.
Tiocfaidh deireadh le ham samhraidh ar 1.00 a.m. Meán-am Greenwich Dé Domhnaigh 28 Deireadh Fómhair 2018.
23 Márta 2018