Roinn do chuid smaointe linn ar thosaíochtaí don Straitéis Náisiúnta Iniata Daoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha agus Idirghnéasacha (DLADTI)
Tá Straitéis Náisiúnta á forbairt ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun saol DLADTI in Éirinn a fheabhsú. Is é aidhm fhoriomlán na straitéise seo spriocdhíriú ar an idirdhealú, an t-iniamh a chur chun cinn, agus caighdeán na beatha agus an fholláine a fheabhsú do DLADTI.
Ba bhreá linn tú a fheiceáil ag ceann dár gceardlanna comhairliúcháin, arna n-éascú ag mór-shaineolaithe DLADTI, an Dr. Gráinne Healy agus Denise Charlton Uasal agus an Dr. Kathy Walsh, i gcomhar le DLADTI Éire.
Suíomh |
Dáta/Am |
Ionad |
Baile Átha Cliath* |
Sath 3ú Samh 9:30 – 13:00 |
Óstán Wynn |
Gaillimh |
Luan 12ú Samh 18:30 – 21:30 |
Teach Solais |
Baile Átha Cliath |
Déard 15ú Samh 9:30 – 13:00 |
Óstán Chúirt Camden |
Dún Dealgan |
Luan 19ú Samh 18:00 – 21:00 |
Outcomers Dhún Dealgan |
Corcaigh |
Sath 24ú Samh 9:30 – 13:00 |
Óstán an Imperial |
*Fócas sonrach ar Thrasinscne
Chun d’áit a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig LGBTI@justice.ie, le d’ainm, d’uimhir theileafóin agus aon riachtanais chothaithe nó rochtana, lena n-áirítear ateangaireacht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
Mura féidir leat teacht go dtí na seisiúin ach go dteastaíonn uait do thuairim a thabhairt, mar sin féin, seol nóta chugainn ag LGBTI@justice.ie