11 Eanáir 2016
Chuir an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Proinséas Mhic Gearailt T.D. tús feidhme leis an Acht Fíneálacha (Íoc & Gnóthú) 2014 inniu, rud a fhágann gur lá stairiúil atá ann don chóras íocaíochta fíneálacha in Éirinn.
Dúirt an tAire Mhic Gearailt gurb ionann an tAcht Fíneálacha (Íoc agus Gnóthú) 2014 agus fíorú rún daingean an Chláir don Rialtas go dtabharfaí astú tuillimh isteach chun fíneálacha gan íoc a ghnóthú. Faoin Acht seo, tá athleasú ó bhonn déanta ar an dlí i ndáil le fíneálacha a íoc agus a ghnóthú.
Dúirt an tAire, “Forálann an tAcht freagairt chuí do na fadhbanna a bhíonn i gceist agus roinnt daoine ag diúltú nó ag loiceadh fíneálacha a íoc agus a neamhoiriúnaí is a bhíonn príosúnacht mar an fhreagairt uathoibríoch i gcásanna go dtarlaíonn a leithéid. Tá córas loighciúil chomhréireach anois againn.”
Forálann an tAcht –
- Go socrófar fíneálacha ar leibhéal lena gcuirfear cúinsí airgeadais an duine san áireamh;
- Gur féidir gach fíneáil os cionn €100 a íoc ina ghálaí agus go bhforálfar le haghaidh an nós imeachta sin trí rialachán;
- I gcás go mainneoidh duine, go dtabharfar é nó í ar ais chun na cúirte mar a ndéanfaidh an breitheamh breithniú ar Ordú Astaithe a dhéanamh i dtosach báire;
- I gcás nach cuí Ordú Astaithe a dhéanamh, gur féidir leis an mbreitheamh Ordú Gnóthaithe a dhéanamh, i gcás gur mó ná €500 an fhíneáil nó Ordú Seirbhíse Pobail;
- I gcás go ndéanfar Ordú Astaithe nó Ordú Gnóthaithe agus go mbeidh an fhíneáil fós gan a bheith gnóthaithe go hiomlán, gur féidir leis an gcúirt Ordú Seirbhíse Pobail a dhéanamh; agus
- Nach mbeidh feidhm le príosúnacht ach amháin i gcás nach cuí Ordú Astaithe, Ordú Gnóthaithe nó Ordú Seirbhíse Pobail a dhéanamh nó i gcás go ndéanfar Ordú Seirbhíse Pobail agus go dteipeann ar an duine an t-ordú a chomhlíonadh.
- Go gcinnfear tréimhse chuí na príosúnachta de réir shuim na fíneála a bheidh gan íoc.
Chuir an tAire leis á rá, “Táim muiníneach, leis na hathruithe ar chóras na bhfíneálacha a thiocfaidh de bharr an tAcht a chur i ngníomh, go ndéanfar laghdú mór ar líon na ndaoine a chuirfear i bpríosún amach anseo de bharr neamhíoc fíneálacha.”
D’aithin an tAire Mhic Gearailt scála na n-athruithe a chaithfí a dhéanamh ar chórais teicneolaíochta faisnéise agus riaracháin, lena n-áirítear ceanglais tairisceana, leis an Acht a chur i ngníomh, chomh maith leis an dúshlán nach beag a bheadh i gceist leis sin. Tháinig an tAire chun críche agus buíochas á ghabháil aige leis an tSeirbhís Chúirteanna as ucht a cuid oibre díograisí agus chuir sé fáilte roimh An Post mar sholáthraí na seirbhíse bailiúcháin fíneálacha.
A Chríoch
Nótaí don Eagarthóir
Is éard is aidhm leis an Acht Fíneálacha (Íoc agus Gnóthú) 2014 go bhféachfar go héifeachtach, oiread agus is féidir, le deireadh a chur le rogha na príosúnachta mar smachtbhanna i gcás mainneachtana i bhfíneáil. Forálann an tAcht le haghaidh fíneálacha a íoc ina ngálaí agus go bhforálfar lena aghaidh sin trí rialachán. Forálann an an reachtaíocht go bhféadfaidh an Chúirt ordú astaithe a cheangal le tuillimh mar mhodh le fíneáil gan íoc a ghnóthú i gcás go dteipfidh ar dhuine fíneáil a íoc faoin dáta dlite. Forálann an tAcht thairis sin go mbeidh sé de rogha ag an gCúirt glacadóir a cheapadh chun fíneáil gan íoc a ghnóthú. I gcás go mbeidh ordú gnóthaithe nó ordú astaithe forchurtha ach go mbeidh an fhíneáil nó cuid den fhineáil fós amuigh, féadfar ordú seirbhíse pobail a dhéanamh mar mhalairt ar an bpríosún.