Tionólfar reifreann ar Airteagail 41.3.2 agus 41.3.3 a leasú i mí na Bealtaine, i gcomhthráth leis na Toghcháin Eorpacha agus Áitiúla
29 Eanáir 2019
Thug an Rialtas ceadú inniu le haghaidh reifreann a thionól ar na forálacha Bunreachtúla maidir leis an gcolscaradh a leasú. Tionólfar an reifreann i gcomhthráth leis na toghcháin Eorpacha agus Áitiúla ag deireadh mhí na Bealtaine 2019.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe Comh-aireachta ar maidin, dúirt an tAire Flanagan:
“Is cúis áthais dom go bhfuair mé tacaíocht ó mo chomhghleacaithe Rialtais chun an reifreann tábhachtach seo a thabhairt ar aghaidh agus chun deis a thabhairt do mhuintir na hÉireann a dtuairim a chur in iúl ar shaincheist a théann i bhfeidhm, ar an drochuair, ar theaghlaigh ar fud na tíre.
“Is againne in Éirinn atá ceann amháin de na rátaí colscartha is ísle san Eoraip, agus is rud dearfach é sin. Ar an drochuair, cliseann póstaí áirithe agus iad doréitithe agus cuireann sé sin an-bhrón agus an-imní ar gach duine atá i gceist. Ba mhaith leis an Rialtas a chinntiú go mbeidh an próiseas le haghaidh colscaradh a fháil cothrom, díniteach agus daonnachtúil agus go gcumasóidh sé don bheirt lena mbaineann bogadh ar aghaidh lena saol laistigh de thréimhse ama réasúnach.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne an tAire Josepha Madigan, comhghleacaí de mo chuid, ar an mBille Comhaltaí Príobháideacha uaithi, rud a thosaigh an díospóireacht reachtach ar an tsaincheist seo. Phléigh mise agus an tAire Madigan leis an gcliseadh pósta le linn ár ngairme sa dlí agus tuigimid go maith an costas mothúchánach agus airgeadais a ghabhann leis na tréimhsí idirscartha reatha atá sainordaithe sa Bhunreacht. Tuigimid freisin an gá atá ann leis na tréimhsí sin a athrú.”
I mí na Bealtaine, iarrfar ar an bpobal leasú ar Airteagal 41.3.2 den Bhunreacht a cheadú chun an íostréimhse cónaithe ar leithligh a bhaint do chéilí atá ag déanamh iarratas ar cholscaradh. Tá sé beartaithe ag an Rialtas gnáthreachtaíocht a úsáid chun déileáil leis an tréimhse cónaithe ar leithligh.
Maidir le haon lánúin atá ag iarraidh colscaradh a fháil, ceanglaítear leis an mBunreacht faoi láthair go mbeadh ceithre bliana caite acu ag cónaí ar leithligh óna chéile as na cúig bliana roimhe sin. Má ritear an reifreann, tabharfaidh an Rialtas Bille ar aghaidh lena leasófar alt 5(1)(a) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996, chun an íostréimhse a laghdú go dhá bhliain le linn na dtrí bliana roimhe sin.
Dúirt an tAire Flanagan:
“Tá sé foghlamtha againn le himeacht ama gur trí reachtaíocht mhionsonraithe a thabhairt ar aghaidh san Oireachtas, seachas trínár mBunreacht, ba cheart plé le ceisteanna casta beartais shóisialta. Ní bheidh aon athrú ann ar na prionsabail bhunúsacha ná na cosaintí bunúsacha a bhaineann leis an gcolscaradh. Dá mbainfí an tréimhse ama ón mBunreacht, áfach, thabharfaí tuilleadh solúbthachta don Oireachtas reachtaíocht a rith chun go maolófaí an t-ualach ar dhaoine atá ag dul trí chliseadh pósta agus atá ar lorg tús nua. Táim ag moladh Bille lena laghdófar an tréimhse cónaithe ar leithligh go dhá bhliain. Ar an mbealach sin, beidh daoine in ann iarratas a dhéanamh ar cholscaradh tráth níos luaithe. Faoi mar atá an scéal faoi láthair, fágann an tréimhse idirscartha fhada a cheanglaítear faoin mBunreacht gur minic a lorgaíonn lánúineacha idirscaradh breithiúnach sula bhfaigheann siad colscaradh, agus iad thíos leis na costais dlí agus leis an strus breise a ghabhann leis sin.”
Ina theannta sin, dúirt an tAire Flanagan go gcoinneofaí i bhfeidhm na cosaintí bunreachtúla a bhaineann le colscaradh a dheonú:
“Má ritear an reifreann, coinneofar sa Bhunreacht na forálacha reatha ina bhfuil na ceanglais nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí agus go bhfuil socrú cuí ann, nó go ndéanfar socrú cuí, le haghaidh na gcéilí agus le haghaidh aon leanaí. Is amhlaidh go fóill gurb í an Chúirt, agus an Chúirt amháin, a fhéadfaidh colscaradh a dheonú.”
Chomh maith leis sin, tabharfaidh an reifreann deis dúinn téacs nua a chur in ionad na forála as dáta maidir le haithint colscarthaí coigríche atá in Airteagal 41.3.3 den Bhunreacht. Iarrfar ar an bpobal téacs nua a cheadú, áit a gcuirfear foráil nua-aimseartha shothuigthe in ionad an Airteagail sin. Forálfar go soiléir leis an téacs go bhféadfaidh an tOireachtas reachtaíocht a rith le haghaidh colscarthaí coigríche a fuarthas lasmuigh den Stát a aithint. Dúirt an tAire Flanagan:
“Níl an teanga in Airteagal 41.3.3 soiléir agus tá sí go mór as dáta anois. Tá sí ag teacht le tréimhse inár stair nuair a bhí an colscaradh toirmiscthe go sainráite faoin mBunreacht. Níor tugadh an téacs cothrom le dáta leis na hathruithe ar vótáil an pobal ina bhfabhar sa bhliain 1995. Tabharfaidh an reifreann i mí na Bealtaine sárdheis dúinn an aimhrialtacht sin a leigheas. Tar éis an reifrinn, agus mar chuid dá chlár nua um athchóiriú an dlí, déanfaidh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí scrúdú ar na saincheisteanna dlíthiúla a bhaineann le haithint colscarthaí coigríche. San am i láthair, tá rialacha difriúla i bhfeidhm maidir le haithint colscarthaí coigríche a dheonaigh cúirteanna sibhialta laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de. Tá sé beartaithe agam aghaidh a thabhairt ar an neamhréireacht sin agus úsáidfidh mé an tuarascáil ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí mar threoir le linn dom an reachtaíocht nua a dhréachtú.”
Cuirfear Coimisiún Reifrinn ar bun anois don reifreann ar an gcolscaradh i mí na Bealtaine.
Dúirt an tAire Flanagan mar fhocal scoir:
“Creidim go bhfuil tacaíocht fhorleathan ann san Oireachtas do na tograí a cheadaigh an Rialtas inniu agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hurlabhraithe de chuid an Fhreasúra as a gcuid tuairimí ar na saincheisteanna seo a chur in iúl dom le cúpla seachtain anuas.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
-
Ar dháta atá fós le socrú idir an 23 agus an 26 Bealtaine, iarrfar ar an bpobal:
-
Airteagal 41.3.2 den Bhunreacht a leasú chun an íostréimhse cónaithe ar leithligh a bhaint do chéilí atá ar lorg colscartha; agus
-
Foráil nua a chur in ionad an téacs as dáta atá in Airteagal 41.3.3 faoi láthair, ar foráil í lena gcumasófar don Oireachtas reachtaíocht a rith le haghaidh colscaradh a fuarthas i Stát eile a aithint sa Stát.
-
-
Má ritear an reifreann, tabharfaidh an Rialtas Bille ar aghaidh lena leasófar alt 5(1)(a) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996, chun an íostréimhse cónaithe ar leithligh do chéilí a laghdú go dhá bhliain le linn na dtrí bliana roimhe sin.
-
Má ritear an reachtaíocht, ní bheidh aon athrú láithreach ann ar na forálacha reachtúla reatha le haghaidh colscarthaí coigríche a aithint. Is leis an Acht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986, a rialaítear an dóigh a n-aithnítear colscarthaí a deonaíodh i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach. Foráiltear leis an Acht go n-aithneofar aon cholscaradh coigríche a deonaíodh sa tír ina raibh sainchónaí ar cheachtar céile tráth a tionscnaíodh na himeachtaí colscartha. Is le Rialachán 2201/2003 ón gComhairle Eorpach, ar a dtugtar An Bhruiséil II-bis agus Rialachán IIa na Bruiséile freisin, a rialaítear an dóigh a n-aithnítear colscarthaí a fuarthas i mBallstáit eile den Aontas Eorpach. Is é gnáthchónaí an príomhchritéar rialaithe le haghaidh aithint. Tá sé tugtha le fios ag an Aire Flanagan go bhfuil sé beartaithe aige reachtaíocht a rith chun tuilleadh comhsheasmhachta a chur leis an dóigh a n-aithnítear colscarthaí coigríche agus go n-úsáidfidh sé an tsaintuarascáil ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí mar threoir le linn dó an reachtaíocht a dhréachtú. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí an dóigh a n-aithnítear colscarthaí coigríche a scrúdú mar chuid den Chúigiú Clár um Athchóiriú an Dlí uaidh.
-
Níl sé i gceist leis an reifreann go ndéanfar aon athruithe ar na forálacha eile atá in Airteagal 41.3.2, is iad sin:
-
gurb í an Chúirt agus an Chúirt amháin a fhéadfaidh colscaradh a dheonú;
-
nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí; agus
-
go bhfuil socrú cuí ann, nó go ndéanfar socrú cuí, le haghaidh na gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí.
-
-
Maidir le socrú cuí, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí an ceanglas “socraithe chuí” le haghaidh colscaradh a scrúdú mar chuid den Chúigiú Clár um Athchóiriú an Dlí uaidh. Tá sé tugtha le fios ag an gCoimisiún go ndéanfaidh sé ‘breithniú ar a mhéid a sholáthrófar aon treoir eile chun comhsheasmhacht a chinntiú sa chur chuige a ghlactar i leith an rogha bhreithiúnach sin a fheidhmiú, go háirithe chun cabhrú le céilí socraíochtaí a chomhaontú agus díospóidí a réiteach ar bhealach níos éifeachtúla agus ar chostas níos ísle.”
-
Leagadh an dréacht-Chlár ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí faoi bhráid Thithe an Oireachtais i mí na Nollag 2018 agus tarchuireadh é chuig an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas lena bhreithniú sula dtabharfadh an Rialtas ceadú foirmiúil don Chlár.
-
Bille Comhaltaí Príobháideacha a thug an tAire Josepha Madigan (an Teachta Josepha Madigan ag an am) isteach ba ea an Bille um an gCúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Colscaradh), 2016. Beartaíodh leis an mBille Airteagal 41.3.2(i) den Bhunreacht a leasú chun an íostréimhse nach mór a bheith caite ag céilí ag cónaí ar leithligh óna chéile sula bhféadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar cholscaradh a laghdú ó cheithre bliana le linn na gcúig bliana roimhe sin go dhá bhliain le linn na dtrí bliana roimhe sin. Cé go bhfuil an Rialtas i bhfách le prionsabal an Bhille, measann sé, tar éis dó anailís a dhéanamh, comhairle dlí a fháil agus dul i gcomhairle le gach taobh san Oireachtas, gur fearr i bhfad aghaidh a thabhairt ar an réimse casta seo de bheartas sóisialta tríd an tréimhse cónaithe ar leithligh a bhaint ón mBunreacht ionas go bhféadfaí plé léi i ngnáthreachtaíocht ón Oireachtas. Tá sé beartaithe ag an Rialtas leasuithe a thabhairt ar aghaidh ar an mBille chun an leasú ar an gcolscaradh a mholadh le haghaidh an reifrinn i mí na Bealtaine. Má ritear é, rithfidh an Rialtas reachtaíocht lena laghdófar an tréimhse cónaithe ar leithligh go dhá bhliain as na trí bliana roimhe sin. Tá an Freasúra i bhfách leis an togra seo. Tá an Bille ar feitheamh Chéim na Tuarascála sa Dáil faoi láthair.