9 Deireadh Fómhair 2019
D’fháiltigh Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, roimh an leithdháileadh buiséadach €2.98 billiún ar an earnáil dlí agus cirt don bhliain 2020. Tháinig méadú €190 milliún ar an leithdháileadh i gcomparáid leis an mBuiséad don bhliain 2019 agus áirítear na nithe seo a leanas leis:
-
Cistiú le haghaidh suas le 700 Garda nua a earcú agus le haghaidh baill foirne bhreise a cheapadh chuig an nGarda Síochána
-
Cistiú le haghaidh Comhairle na mBreithiúna a bhunú
-
Cistiú méadaithe le haghaidh Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann
-
Méadú €120 milliún ar chaiteachas reatha
-
Méadú €70 milliún ar chistiú caipitil
Vóta an Gharda Síochána
Is é €1.882 billiún an leithdháileadh comhlán iomlán ar vóta an Gharda Síochána don bhliain 2020. Tá sé sin cothrom le méadú €122 mhilliún (7%) ar an leithdháileadh don bhliain 2019.
Áirítear na nithe seo a leanas leis an méadú €98 milliún, beagnach, ar chaiteachas reatha:
-
Méadú €76 mhilliún ar phá, rud a fhreastalóidh ar na costais earcaíochta a tabhaíodh go dtí seo agus ar na costais a bheidh i gceist le suas le 700 Garda nua a earcú agus le baill foirne bhreise a cheapadh chuig an nGarda Síochána
-
Pacáiste spriocdhírithe téarfa do phearsana sinsearacha mar chuid de chur chun feidhme na moltaí ón gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta
-
Soláthar do mhéaduithe ginearálta pá sa tseirbhís phoiblí agus do lá pá breise sa bhliain 2020
-
Cistiú breise €12 mhilliún ar fud raon fo-mhírcheann chun an difear a dhéanfaidh an méadú ar an líon foirne agus ar ghníomhaíocht oibríochtúil do réimsí éagsúla caiteachais a léiriú.
Is é €116.5 milliún an buiséad caipitil iomlán don Gharda Síochána, figiúr atá cothrom le méadú €24 mhilliún (26%) ar an mbuiséad don bhliain 2019. Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis:
-
Infheistíocht leanúnach €75 mhilliún a dhéanamh i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus i dteicneolaíocht cumarsáide
-
€9 milliún a infheistiú i bhFlít an Gharda Síochána
-
€32 mhilliún a leithdháileadh ar an gClár Caipitil Tógála agus Athchóirithe
-
Áirítear leis na Mórthionscadail atá ar bun an tionscadal le haghaidh an Garda Síochána a athlonnú ó Chearnóg Fhearchair go dtí an Bóthar Míleata i mBaile Átha Cliath agus an tionscadal le haghaidh athfhorbairt an stáisiúin ar Shráid Mhic Giobúin a chríochnú
Coinníodh an buiséad ragoibre don bhliain 2020 cothrom le €95 mhilliún. Mar aon leis an líon síormhéadaitheach Gardaí a bheidh ann, tabharfaidh an méid sin solúbthacht ó thaobh imlonnaithe de don Choimisinéir i gcás go n-eascróidh éilimh nach féidir freastal orthu le hacmhainní uainchláraithe an Gharda Síochána.
Dúirt an tAire Flanagan:
“Léiriú soiléir ar a thiomanta atá an Rialtas do phróiseas athchóirithe an Gharda Síochána agus do chur chun feidhme an phlean Seirbhís Póilíní don Todhchaí is ea méid na n-acmhainní seo, go háirithe sa timpeallacht bhuiséadach dheacair atá i réim.
“A bhuí le Buiséad 2020, cumasófar do Choimisinéir an Gharda Síochána suas le 700 Garda eile a earcú agus leanúint le baill foirne bhreise a cheapadh chuig an eagraíocht. Laistigh den chlúdach buiséadach, is é an Coimisinéir a chinnfidh scála na hearcaíochta bunaithe ar riachtanais oibríochtúla.
“Tá infheistíocht i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus i dteicneolaíocht cumarsáide ina comhpháirt thábhachtach de Chlár Athchóirithe an Gharda Síochána agus is cúis áthais dom méadú suntasach a áirithiú ar an mbuiséad caipitil. Aithníonn an méid sin freisin gur ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí a bhíonn an ról a imríonn an teicneolaíocht maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána a gcuid oibre a dhéanamh, is é sin le rá, sinn a choinneáil sábháilte agus coireacht a imscrúdú.”
An Vóta Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Tháinig méadú €47.6 milliún (9%) ar an vóta Dlí agus Cirt agus Comhionannais don bhliain 2019, rud a fhágann go bhfuil an leithdháileadh comhlán iomlán cothrom le €549 milliún anois.
Áirítear leis sin méadú €21 mhilliún ar chistiú caipitil, rud a thabharfaidh an leithdháileadh ar thógáil na Saotharlainne Eolaíochta Fóiréinsí go beagnach €40 milliún sa bhliain 2020.
Is iad seo a leanas na réimsí eile a gheobhaidh cistiú breise:
-
Comhairle na mBreithiúna a bhunú (€1m)- leithdháileadh iomlán €1.250 milliún
-
Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann (caiteachas reatha) (€2.6m)- leithdháileadh iomlán €54.4 milliún
-
An Biúró um Shócmhainní Coiriúla (€0.5m)- leithdháileadh iomlán €9.1 milliún
-
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil – cistiú le haghaidh leanúint den Scéim Abhaile do riaráistí morgáiste (€1m), ar cistiú é atá de bhreis ar an gcistiú atá ann cheana- leithdháileadh iomlán €42.2 milliún ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil
-
Acmhainní Chigire na bPríosún (€0.7m)- leithdháileadh iomlán €1.2 milliún
-
An Coimisinéir Cosanta Sonraí (€1.6m)- leithdháileadh iomlán €16.9 milliún
-
Taighde, lena n-áirítear an cistiú atá riachtanach le haghaidh dhara bliain an Staidéir ilbhliantúil ar Leitheadúlacht an Fhoréigin Ghnéasaigh ón bPríomh-Oifig Staidrimh (€0.7m)- leithdháileadh iomlán €1.3 milliún
-
Soláthar Díreach (€10m)- leithdháileadh iomlán €80.6 milliún
-
Soláthar Seirbhísí Inimirce, lena n-áirítear baill foirne bhreise a earcú chun iarratais a thabhairt chun tosaigh go mear agus, ar an mbealach sin, an brú a laghdú ar Sholáthar Díreach (€1m)
-
An tSeirbhís Phromhaidh (€1.1m)- leithdháileadh iomlán €48.9 milliún ar an tSeirbhís Phromhaidh
-
Cúnamh Dlíthiúil Coiriúil (€4m)- leithdháileadh iomlán €65.3 milliún
-
Tionscnaimh Chomhionannais agus Tionscnaimh do Dhaoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha agus Idirghnéasacha + (LADTI+) (€0.7m)
-
An tÚdarás Slándála Príobháidí (€0.5m)- leithdháileadh iomlán €3.8 milliún
-
Cistiú le haghaidh íospartaigh na coireachta (€0.2m)- leithdháileadh iomlán €1.9 milliún
-
An Rialálaí Cearrbhachais (síolchistiú) (€0.1m)
-
Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (€0.5m)- leithdháileadh iomlán €11.2 milliún
Soláthar Díreach
Dúirt David Stanton, an tAire Stáit le freagracht as Comhionannas, Inimirce agus Imeascadh: “Cé go bhfuil cistiú os cionn €80 milliún á leithdháileadh chun na brúnna suntasacha atá ar an gcóras Soláthair Dhírigh a mhaolú, beidh gá ann le riachtanais agus freagairtí beartais a choinneáil faoi athbhreithniú ar bhonn uile-Rialtais sa bhliain 2020.
“Tá Grúpa Idir-Rannach atá faoi chathaoirleacht mo Roinne ag déanamh athbhreithniú faoi láthair ar an mbealach is fearr chun na hoibleagáidí atá orainn a chomhlíonadh maidir le tacaí ábhartha a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta. Táthar ag súil leis go gcuirfidh an Grúpa na moltaí uaidh in iúl go luath. Is moltaí iad sin a chuirfidh an Coiste Comh-aireachta um Beartas Sóisialta san áireamh ina gcuid pléití agus meastar go mbeidh tionchar acu ar an réimse caiteachais seo.”
Comhionannas
D’aithin an tAire Stanton tionchar an Bhuiséadaithe Comhionannais freisin. Dúirt sé, “Is cúis áthais dom go ndearnadh anailís ar Bhuiséadú Comhionannais i mbliana tar éis dúinn dul i dteagmháil leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, a thug creat dúinn ina leith. Beidh orainn cur leis an gcur chuige sin i leith buiséadú agus é a úsáid mar threoir amach anseo.”
Dúirt an tAire freisin, “Cuireadh cistiú méadaithe ar fáil do thionscnaimh do dhaoine LADTI+. Úsáidfear an cistiú sin chun tacú leis an Straitéis LADTI+ a chur chun feidhme, rud a bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas é a fhoilsiú go luath.”
Dlí agus Ceart agus Póilíneacht a Bhunathrú chun Feabhais
Cuireadh cistiú ar fáil sa bhliain 2019 don dá mhórchlár um bunathrú chun feabhais atá ar siúl sa réimse Dlí agus Cirt agus Póilíneachta, agus foráiltear leis an mBuiséad go leanfar leis an gcistiú sin sa bhliain 2020.
Tá an Grúpa Cur Chun Feidhme um Athchóiriú na Póilíneachta ag déanamh formhaoirseacht ar chur chun feidhme na moltaí ón gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn.
Rinneadh mór-athstruchtúrú ar an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i mbliana, agus samhail feidhme nua á tabhairt isteach lena linn. Is é an aidhm atá leis an tsamhail sin an Roinn a chumasú oibriú ar bhealach níos straitéisí agus níos fadbhreathnaithí, ar bhealach níos oscailte agus níos trédhearcaí agus ar bhealach níos solúbtha chun freastal ar éilimh athraithe na timpeallachta ina n-oibríonn sí anois.
Vóta na bPríosún
Mar thoradh ar an méadú €24.3 milliún (6.8%) ar an leithdháileadh don bhliain 2019, tabharfar an leithdháileadh comhlán iomlán go €383.3 milliún.
Mar chuid den mhéadú €10 milliún, beagnach, ar chaiteachas reatha, leithdháilfear €5 mhilliún ar roinnt réimsí chun freastal ar na héilimh a thiocfadh as an méadú ar an líon príosúnach agus ar chostas cothabhála eastát na bpríosún. Leithdháilfear €5 mhilliún ar mhéaduithe pá freisin.
Beidh an buiséad caipitil iomlán do na príosúin cothrom le €46.7 milliún sa bhliain 2020, i gcomparáid le €32.3 milliún sa bhliain 2019. Úsáidfear an chuid is mó den bhuiséad sin chun mór-athfhorbairt a dhéanamh ar Phríosún Luimnigh.
Vóta na gCúirteanna
Tá an leithdháileadh comhlán iomlán €150.9 milliún ar Vóta na gCúirteanna cothrom le méadú €12.5 milliún (9%) ar an leithdháileadh don bhliain 2019.
D’fháiltigh an tAire Flanagan roimh an méadú €2.5 milliún, beagnach, ar chaiteachas reatha. “Tá tábhacht ag baint leis an leithdháileadh seo sa mhéid is go gcumasóidh sé dúinn feabhas a chur ar rochtain ar cheartas. Tá áthas ar leith orm a thabhairt faoi deara go gcaithfear €1.2 milliún ar ghnáthchostais reatha agus go gcuirfear lena éifeachtaí agus lena éifeachtúla atá ár seirbhísí dá bharr sin. Úsáidfear €300,000 den leithdháileadh caiteachais reatha chun baill foirne tacaíochta bhreithiúnacha bhreise a earcú chuig an gCúirt Achomhairc. Fáiltím freisin roimh an méadú €10 milliún ar an mbuiséad caipitil do na Cúirteanna.”
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
Is fiú €2.98 billiún san iomlán iad na buiséid ollchaiteachais do na 6 Vóta i nGrúpa an Vóta Dlí agus Cirt agus cuimsíonn siad na Vótaí seo a leanas:
Vóta an Gharda Síochána (€1.882 billiún), Vóta na bPríosún (€383.3 milliún), Vóta na Seirbhíse Cúirteanna (€150.9 milliún), Vóta na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais (€549 milliún), Vóta Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (€6.8 milliún) agus Vóta an Údaráis Phóilíneachta (€3.4 milliún).