-
Foráiltear leis an mBille cinniúnach do chosaintí dlíthiúla nua d’íospartaigh an fhoréigin bhaile.
-
Leis na hathchóirithe, tabharfar Éire níos gaire do Choinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú.
2 Bealtaine 2018
D’fhógair Charlie Flanagan, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, tráthnóna gur ritheadh an Bille um Fhoréigean Baile, 2017, ag na céimeanna go léir san Oireachtas.
Ag labhairt dó tar éis rith an Bhille sa Seanad, dúirt an tAire Flanagan:
“Táim ríméadach gur rith an dá Theach den Oireachtas an Bille um Fhoréigean Baile. Tá sé seo ar cheann de na píosaí reachtaíochta is tábhachtaí a leagadh faoi bhráid an Oireachtais i mbliana.
Is féidir leis an bhforéigean baile olltionchar fisiciúil, mothúchánach agus airgeadais a imirt ar íospartaigh agus ar an tsochaí ina hiomláine. Eochairthosaíocht don Rialtas seo is ea cosaint agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh. Tá achtú an Bhille um Fhoréigean Baile ina chuid thábhachtach den Dara Straitéis Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe.
Cuirfear ar ár gcumas leis an mBille seo tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar Choinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú, rud ar shaincheist thábhachtach é. Ba mhaith liom go ndaingneofaí an Coinbhinsiún mar bheart tosaíochta. Leis an mBille a ritheadh sa Teach inniu, cabhrófar linn roinnt mhaith de cheanglais an Choinbhinsiúin a chomhlíonadh. Is é a bheidh sa phíosa deiridh den obair reachtaíochta ná bille teicniúil achomair ina bpléifear le gnéithe seach-chríochachais. Dé Máirt, fuair mé ceadú ón Rialtas le haghaidh Cheannteidil an Bhille um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún Iostanbúl) agus tá súil agam gur féidir an reachtaíocht sin a chur chun cinn go tapa.
Bhí áthas orm a chinntiú gurbh amhlaidh, ón 1 Eanáir i mbliana i leith, nach mbeadh ar iarratasóirí ar chúnamh dlí sibhialta ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh a thuilleadh i gcásanna foréigin bhaile sa Chúirt Dúiche. Is é an toradh a bheidh ar an athrú praiticiúil sin go gcabhrófar lena chinntiú go mbeidh íospartaigh an fhoréigin bhaile muiníneach as dul i muinín na gcúirteanna agus go mbainfear bacainn ar rochtain ar an gceartas.
Agus rith an Bhille inniu á chomóradh agam, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne an tAire Stáit David Stanton agus an Teachta Dála Frances Fitzgerald, iar-Thánaiste, ina leith. D’éirigh leis an Aire Stanton an Bille a thabhairt trí Chéim an Choiste agus Céim na Tuarascála sa Teach Uachtarach, ar lena linn a rinneadh an-chuid leasuithe tábhachtacha. Ina cáil mar Thánaiste agus mar Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, thug an Teachta Dála Fitzgerald tús áite do dhul i ngleic leis an bhforéigean baile, d’fhoilsigh sí an Scéim Ghinearálta sa bhliain 2015, thug sí an Bille foilsithe ar aghaidh anuraidh agus leag sí faoi bhráid an tSeanaid é.
Go deimhin, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun a rá gur le fada an lá atá Frances ag obair ar son na ndaoine is leochailí sa tsochaí agus go bhfuil páirt ghníomhach á tabhairt aici go háirithe i gcearta na mban a chur ar aghaidh ina cáil mar oibrí sóisialta, mar thacadóir agus mar pholaiteoir. Anuas air sin, leanann sí ar aghaidh ag déanamh obair iontach agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil léi as sin. Is comhghleacaí den chéad scoth é an tAire Stanton. Tugann sé cabhair iontach dom inár roinn ghnóthach, agus trua agus ionracas nach beag á dtabhairt aige ag an am céanna don líon mór saincheisteanna dúshlánacha a ndéileálann sé leo. Tá an-áthas orm go raibh an tAire Stanton agus an Teachta Dála Fitzgerald i láthair inniu chun rith an Bhille trí na céimeanna deiridh sna Tithe a fheiceáil.”
Tugtar gealltanas sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta go ndéanfar cur chun feidhme iomlán ar Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Baile a Chosc agus a Chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) agus ar na gealltanais a tugadh sa Dara Straitéis Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe 2016-2021.
Is é cuspóir an Bhille um Fhoréigean Baile, 2017, comhdhlúthú agus athchóiriú a dhéanamh ar an dlí maidir le foréigean baile ar mhaithe le cosaint níos fearr a thabhairt d’íospartaigh. Áirítear leis an mBille freisin forálacha chun cur ar chumas na hÉireann Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú.
Dúirt an tAire Flanagan freisin:
“Le linn an Bille a fhorbairt, chuaigh an Roinn seo agus an tAire Stanton, comhghleacaí liom, i mbun dlúth-idirchaidrimh le grúpaí a thugann tacaíocht d’íospartaigh an fhoréigin bhaile. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag na heagraíochtaí sin, ar bhuail mé le roinnt díobh le fíordhéanaí, agus don mhéid a chuir siad le forálacha an Bhille a neartú.
Is le rófhada a mheastar gurb ionann foréigean baile agus drochúsáid fhisiciúil go príomha. Is é an toradh atá ar chion a dhéanamh de smacht comhéigneach go gcuirtear teachtaireacht shoiléir chomhsheasmhach chun cinn á léiriú gur cion coiriúil é smacht neamhfhoréigneach i ndlúthchaidreamh. Is féidir go mbeidh éifeacht na hiompraíochta sin chomh dochrach d’íospartaigh is atá drochúsáid fhisiciúil toisc gurb ionann í agus drochúsáid a bhaint as an iontaoibh ar leith atá ann i ndlúthchaidreamh.
Cinnteofar le foráil thábhachtach eile nach mór dlúthchaidreamh idir an t-íospartach agus déantóir an fhoréigin bhaile a mheas a bheith ina thoisc ghéaraitheach nuair atáthar ag gearradh pianbhreith as raon leathan cionta. Leis an bhforáil nua seo, cuirtear teachtaireacht chun cinn á léiriú nach gcuirfidh an tsochaí suas a thuilleadh leis an sárú millteanach iontaoibhe a dhéanann páirtnéir amháin in aghaidh an pháirtnéara eile i gcomhthéacs dlúthchaidrimh.
Creidim go mbainfear leas as an reachtaíocht seo chun feabhas a chur ar chosaint an dlí d’íospartaigh an fhoréigin bhaile mar go dtugtar tús áite léi do riachtanais an íospartaigh. Táim ag súil le hachtú agus cur chun feidhme na reachtaíochta.”
Is mar seo a leanas atá na príomhfheabhsuithe ar an dlí atá ann sa Bhille um Fhoréigean Baile:
-
Beidh liosta fairsing tosca ann nach mór do chúirt a chur san áireamh agus í ag déileáil le hiarratas ar ordú foréigin bhaile. Ní liosta uileghabhálach é agus ní chuirfidh sé teorainn le rogha na cúirte ordú a dhéanamh.
-
Cuireadh deireadh leis an gceanglas nach mór an caidreamh a bheith “dícheallach” chun go mbeidh an duine in ann iarratas a dhéanamh ar ordú foréigin bhaile.
-
I gcás gur deimhin le cúirt gur comhlíonadh an tairseach le haghaidh ordú a dhéanamh ann, ní mór di ordú a dhéanamh.
-
Beidh orduithe foréigin bhaile i bhfeidhm maidir le cleithiúnaithe ón uair a bhaineann siad 18 mbliana d’aois amach go dtí go dtéann na horduithe in éag.
-
Beidh orduithe sábháilteachta ar fáil do dhaoine atá i ndlúthchaidreamh ach nach bhfuil ina gcónaí le chéile.
-
Maidir le híospartaigh an fhoréigin bhaile atá ina gcónaí le déantóir an fhoréigin bhaile, nó atá ar thuismitheoirí an duine sin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar ordú urchoisc éigeandála a mhaireann 8 lá oibre, i gcás go bhfuil riosca láithreach ann go ndéanfar dochar suntasach. Féadfar orduithe urchoisc éigeandála a dheonú fiú i gcás nach bhfuil aon leas dlíthiúil ná tairbhiúil ag an íospartach sa réadmhaoin ann nó i gcás go bhfuil leas ag an íospartach is lú ná leas dhéantóir an fhoréigin bhaile ann.
-
Agus ordú sábháilteachta nó ordú urchoisc á dhéanamh acu, féadfaidh na cúirteanna toirmeasc a chur ar dhéantóir an fhoréigin bhaile cumarsáid a dhéanamh leis an íospartach go leictreonach.
-
Leis an mBille, tabharfar cosaint ar chroscheistiú a dhéantar go pearsanta.
-
Ceanglófar ar na cúirteanna cúiseanna a thabhairt le breitheanna a bhaineann le hiarratais ar orduithe faoin mBille.
-
Féadfaidh na cúirteanna treorú a dhéanamh ar orduithe arna seirbheáil go pearsanta ag an nGarda Síochána ar fhreagraithe i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go ndéanfaidh an freagraí iarracht seirbheáil a sheachaint.
-
Féadfaidh an Garda Síochána suíonna speisialta as uaireanta de chuid na Cúirte Dúiche a iarraidh nuair is gá chun déileáil le hiarratais phráinneacha ar orduithe.
-
Féadfaidh íospartaigh fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo chun imeaglú a sheachaint.
-
Féadfaidh íospartaigh cara, duine muinteartha nó oibrí tacaíochta leo a thabhairt leo chun na cúirte chun tacaíocht a thabhairt dóibh le linn na n-imeachtaí.
-
Féadfaidh leanaí a dtuairimí a chur in iúl don chúirt i gcás go n-iarrtar ordú thar ceann linbh nó go mbainfidh ordú go páirteach le leanbh ann. Beidh an rogha ag an gcúirt saineolaí a cheapadh chun cabhrú leis an gcúirt tuairimí an linbh a fháil amach.
-
Beidh oibleagáid ar an tSeirbhís Chúirteanna faisnéis a thairiscint faoi sheirbhísí tacaíochta d’íospartaigh an fhoréigin bhaile.
-
Féadfaidh na cúirteanna a mholadh go dtéann déantóir an fhoréigin bhaile i dteagmháil le seirbhísí amhail cláir atá dírithe ar dhéantóirí an fhoréigin bhaile, seirbhísí andúile nó seirbhísí comhairleoireachta.
-
Cuirfear srianta i bhfeidhm maidir le tuairisciú ag na meáin agus le freastal ag an bpobal i gcoitinne ar imeachtaí cúirte coiriúla as sáruithe ar orduithe sibhialta foréigin bhaile.
-
Déanfar foráil leis an mBille don chion coiriúil nua a rinneadh de phósadh éigeantais.
-
Déanfar foráil leis an mBille don chion coiriúil nua a rinneadh de smacht comhéigneach.Is drochúsáid shíceolaíoch i ndlúthchaidreamh é sin agus tá sé mar chúis le heagla roimh fhoréigean nó le himní thromchúiseach nó ciapadh tromchúiseach ag a bhfuil drochthionchar suntasach ar ghníomhaíochtaí laethúla an duine.
-
I gcás go gciontaítear duine i gcion foréigneach nó gnéasach in aghaidh a c(h)éile, a p(h)áirtnéara shibhialta nó duine a bhfuil sé/sí i ndlúthchaidreamh leis/léi ann, beidh an fhíric sin ina toisc ghéaraitheach nuair atáthar ag gearradh pianbhreithe.
-
Cuid 3 den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, a bhaineann le bearta cosanta speisialta d’íospartaigh agus d’fhinnéithe agus iad ag tabhairt fianaise in imeachtaí coiriúla as cionta foréigneacha nó gnéasacha, beidh feidhm aici maidir leis na cionta seo: ordú foréigin bhaile a shárú, smacht comhéigneach agus pósadh éigeantais.
-
Aisghairfear na forálacha reachtaíochta lena gceadaítear do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois pósadh.
CRÍOCH