- Tá fógartha ag an Tánaiste go bhfuil conarthaí bronnta d'fheachtas náisiúnta feasachta mar chuid den dara Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéis agus Inscne-Bhunaithe 2016-2021
- Maoiniú €950,000 do 2016 faighte don fheachtas seo
- “Is mór is cás liom féin agus le mo Roinn daoine sa phobal a bheith á gcosaint ar fhoréigean baile agus gnéis. Tríd an bhfeachtas seo, tá sé i gceist againn teachtaireacht shoiléir lom a thabhairt do lucht déanta an fhoréigin seo nach bhfuil sé inghlactha beag ná mór in Éirinn agus go gcaithfidh sé stad. - Tánaiste.
An 15 Meán Fómhair 2016
Tá fógartha ag an Tánaiste agus an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Frances Fitzgerald T.D., inniu, go bhfuil conarthaí bronnta tar éis próiseas tairisceana AE d'fheachtas náisiúnta feasachta a bhaineann leis an Dara Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéis agus Inscne-Bhunaithe 2016-2021. Is í an ghníomhaireacht chruthaitheach ar éirigh léi ná CawleyNea\TBWA agus is í an ghníomhaireacht ceannaigh meán ar éirigh léi ná PHD. Oibreoidh na gníomhaireachtaí le Cosc - an Oifig Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéis, agus Inscne-Bhunaithe chun an feachtas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Ag labhairt di ar an bhfeachtas, dúirt an Tánaiste “Is é ba mhaith liom go bhfoghlaimeoimid ar fad ón bhfeachtas feasachta. Mar ghaolta, cairde, comharsana agus daoine eile a fheiceann foréigean ag tarlú, tá ról tábhachtach againn cuidiú leis na hiarrachtaí foréigean baile agus gnéis a chosc. Más sábháilte dúinn idirghabháil a dhéanamh, beidh tionchar nach beag aige sin orthu siúd a bhíonn thíos leis an bhforéigean dofhulaingthe seo trí dhóchas agus tacaíocht a thairiscint dóibh. Tríd an bhfeachtas seo, tá sé i gceist againn teachtaireacht shoiléir lom a thabhairt do lucht déanta an fhoréigin seo nach bhfuil sé inghlactha beag ná mór in Éirinn agus go gcaithfidh sé stad."
D'éirigh leis an Tánaiste maoiniú €950,000 a fháil do 2016 don fheachtas nua feasachta. Tá an feachtas nua ar cheann de phríomhghníomhartha na Straitéise. Lena chois sin, dámhadh maoiniú €200,000 faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin chun tacú leis an bhfeachtas ar bhonn áitiúil in 2016 agus 2017.
Tríd is tríd, is é is aidhm leis an bhfeachtas aird an phobail a dhíriú ar fhoréigean baile agus gnéis i dtreo is féidir athrú teacht ar iompar agus ar mheon atá ann le fada sa tsochaí, agus daoine a fheiceann a leithéid a spreagadh dul i mbun gnímh d'fhonn an cineál seo foréigin a laghdú agus a chosc. Aithneofar ann go bhfuil idir fhir agus mhná i gceist le coireanna dá leithéid. D'iarr páirtithe leasmhara NGO an feachtas agus is iad a thugann tacaíocht dó.
“Is mór is cás liom féin agus le mo Roinn daoine sa phobal a bheith á gcosaint ar fhoréigean baile agus gnéis. Is den olc agus den díobháil an foréigean baile agus gnéis a bhaineann le gach aicme shóisialta, gach inscne, gach cultúr agus daoine as gach cineál cúlra oideachais. Is minic a chuirtear faoi cheilt é agus is féidir leis dochar uafásach a dhéanamh do dhuine, idir chorp, aigne agus mhothúcháin. Is féidir leis impleachtaí a bheith aige do dhuine ó thaobh airgid de, agus cur isteach ar an tsochaí trí chéile,” a dúirt an Tánaiste.
Agus í ag cur fáilte roimh dhámhachtain na gconarthaí don fheachtas, dúirt an Tánaiste:
"Déanaim comhghairdeas leis na gníomhaireachtaí CawleyNea\TBWA agus PHD, a bhfuil na conarthaí bronnta orthu chun na seirbhísí cruthaitheachta agus meán a chur ar fáil don chúram dúshlánach seo."
Dúirt Deirdre Waldron, Príomhfheidhmeannach CawleyNea\TBWA:
“Is pribhléid dúinn gur bronnadh an conradh seo orainn. Is dóigh linn gur feachtas fíorthábhachtach é seo ó thaobh na sochaí de agus go mbeidh malairt meoin ann i leith an fhoréigin baile, gnéis agus inscne-bhunaithe. Táimid ag súil le bheith ag obair le Cosc agus leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais sna blianta amach romhainn chun go mbeidh tír níos sábháilte againn dá bharr."
Dúirt Jason Nebenzahl, Stiúrthóir Bainistíochta PHD:
“Tá PHD bródúil as an obair ar fad a dhéanaimid, ach má éiríonn lenár bhfeachtas an méid a bhfuilimid ag súil leis a bhaint amach ar fud na tíre, beidh sé ar cheann de na héachtaí is mó dár gcuid. Táimid buíoch gur tugadh deis dúinn oibriú le foireann Cosc agus le gníomhaireachtaí páirtnéireachta eile chun cumarsáid a dhéanamh le pobal na hÉireann ar bhealach a thabharfaidh isteach sa phlé iad agus a rachaidh i bhfeidhm orthu, sa tslí is go dtiocfaidh athrú ar iompar daoine agus go bhfeicfear an méid sin ag tarlú.”
Cuirfear tús leis an bhfeachtas sa ráithe dheireanach de 2016 agus tá sé i gceist leanúint leis go ceann sé bliana, suas go dtí 2021.
CRÍOCH
Nóta d'Eagarthóirí
Tá scéim deontais reáchtáilte ag Cosc roimhe seo chun aird an phobail a tharraingt ar fhoréigean baile agus gnéis. Rinneadh tuairim is €300,000 a chur ar leataobh d'eagraíochtaí neamhrialtais chun tionscadail náisiúnta agus áitiúla a reáchtáil.
In 2009 rinne Cosc feachtas poiblí náisiúnta ag tarraingt aird an phobail ar fhoréigean baile agus gnéis, feachtas dar teideal 'YOUR SILENCE FEEDS THE VIOLENCE'. Táthar ag leanúint leis an bhfeachtas sin ar líne agus trí phóstaeir A4 a chrochadh in airde in áiteanna poiblí.
Foilsíodh Ceistneoir Réamhcháilíochta (PQQ) ar e-Tenders an 7 Aibreán 2016 agus ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, áit ar tugadh cuireadh ina dhá Chuid: Cuid 1
- Seirbhísí Fógraíochta Straitéise agus Cruthaitheachta agus Cuid 2 - Pleanáil Meán agus Seirbhísí Ceannaigh chun Feachtas Feasachta Náisiúnta a dhéanamh a bhaineann leis an Dara Straitéis Náisiúnta ar Fhoréigean Baile, Gnéis agus Inscne-Bhunaithe 2016-2021. Tugadh cuireadh d'iarratasóirí gearrliosta iarraidh ar thairiscint a chur faoinár mbráid roimh an 1 Iúil 2016.
Mairfidh an feachtas feasachta náisiúnta ar feadh 6 bliana, suas go dtí 2021, ach an maoiniú a theastaíonn chuige a bheith ar fáil.
Tá an Dara Straitéis Náisiúnta ar Fhoréigean Baile, Gnéis agus Inscne-Bhunaithe 2016-2021 agus an Plean Gnímh ar fáil ag www.cosc.ie.
Staitisticí maidir le foréigean baile:
Léiríonn torthaí Staidéar Náisiúnta na Comhairle Náisiúnta um Choireacht maidir le Foréigean Baile, a rinne Watsons agus Parsons (2005):
- go raibh 15% de mhná agus 6% d'fhir ann ar thug a bpáirtí fíor-dhrochíde coirp dóibh.
- go bhfuil 29% de mhná agus 26% d'fhir ann a fhulaingíonn drochíde coirp ag baile nuair a chuirtear fíor-dhrochíde agus miontimpistí le chéile.
- Tá drochíde coirp fulaingthe ag tuairim is 213,000 bean agus 88,000 fear in Éirinn ag am éigin ina saol.
Léiríonn torthaí shuirbhé Cosc ar Dhearcadh an phobail i lieth na Drochíde Baile in Éirinn (Horgan et al, 2008):
- Go gcreideann beagán le cois 70% de dhaoine gur fadhb choitianta í an Drochíde Baile in Éirinn.
- Go bhfuil aithne ag 44% de dhaoine ar dhuine éigin a d'fhulaing drochíde baile é féin/í féin.
- Go dtiocfadh 94% de dhaoine i gcabhair ar chara leo, go dtiocfadh 65% acu i gcabhair ar strainséir agus go dtiocfadh 38% acu i gcabhair ar chomharsa leo a raibh drochíde baile á fulaingt aige/aici.
Staitisticí maidir le Foréigean Gnéis:
Is iad seo a leanas torthaí na tuarascála Rape and Justice in Ireland (Hanly et al, 2009):
- Tarlaíonn breis agus dhá thrian d'eachtraí éignithe i dtithe, agus is é baile an íospartaigh féin an áit is coitianta a dtarlaíonn siad.
- Strainséirí a rinne aon trian den éigniú. Cairde nó lucht aitheantais a bhí in 39% de na daoine a rinne éigniú, agus páirtithe nó daoine a bhíodh ina bpáirtithe a rinne 18% acu. Agus gach duine á chur san áireamh, bhí aithne ag dhá thrian de na daoine a éigníodh ar an té a d'éignigh iad.
Is iad seo a leanas torthaí an tsuirbhé Sexual Abuse and Violence in Ireland a rinne McGee et al (2002):
- Fulaingíonn 20% de chailíní agus 16% de bhuachaillí drochíde fhisiciúil gnéis ina n-óige.
- Fulaingíonn 42% de mhná agus 28% d'fhir drochíde gnéis nó ionsaí gnéis lena mbeo.
Páirtithe nó daoine a bhíodh ina bpáirtithe is ea 24% de na daoine a théann i muinín an fhoréigin gnéis.