-
Leis an mBille, laghdófar an íostréimhse cónaithe ar leithligh do chéilí atá ar lorg colscartha go dhá bhliain le linn na dtrí bliana roimhe sin
-
Leis an mBille, soiléireofar an bhrí atá leis an gceanglas maidir le cónaí ar leithligh
-
Leis an mBille, tabharfar aghaidh ar aon drochthionchar atá ag Breatimeacht gan mhargadh ar an aitheantas a thugtar do cholscarthaí arna dtabhairt sa Ríocht Aontaithe
11 Iúil 2019
Rinne Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Scéim Ghinearálta an Bhille um an Dlí Teaghlaigh, 2019, a fhoilsiú inniu. Cheadaigh an Rialtas an Scéim Ghinearálta an tseachtain seo. Is é a bheidh i bpríomhchuspóir an Bhille ná an dlí maidir le colscaradh a leasú, ag teacht sna sála ar an reifreann a cuireadh ar siúl an 24 Bealtaine.
Dúirt an tAire Flanagan: “Ag an reifreann a cuireadh ar siúl an 24 Bealtaine, vótáil tromlach mór na ndaoine i bhfabhar an Bunreacht a leasú chun an íostréimhse cónaithe ar leithligh do chéilí atá ar lorg colscartha a bhaint d’Airteagal 41.3.2 den Bhunreacht agus téacs Airteagal 41.3.3 ar cholscarthaí coigríche a ionadú. Tá ríméad orm go bhfuilim in ann dul chun cinn a dhéanamh ar reachtaíocht chun an íostréimhse cónaithe ar leithligh atá sonraithe san Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996, a laghdú go dhá bhliain le linn na dtrí bliana roimhe sin. Tá tacaíocht traspháirtí fhorleathan ag an togra seo san Oireachtas.”
Anuas ar an íostréimhse cónaithe ar leithligh a laghdú, tabharfaidh an Rialtas na forálacha seo a leanas sa Bhille um an Dlí Teaghlaigh ar aghaidh freisin:
-
Foráil lena colscaradh a thabhairt do chéilí a bhfuil a n-iarratas ar idirscaradh breithiúnach os comhair na cúirte i gcás go bhfuil siad ag cónaí ar leithligh ar feadh dhá bhliain ar a laghad le linn na dtrí bliana roimhe sin amhail an 11 Meitheamh 2019 (dáta achtaithe an Achta um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2019).
-
Foráil lena soiléireofar an bhrí leis an gceanglas maidir le “cónaí ar leithligh” le haghaidh iarratais ar cholscaradh trí chinnteacht a thabhairt don léiriú a thug cúirteanna na hÉireann don fhrása “ag cónaí ar leithligh óna chéile” trí bhíthin céilí atá ina gcónaí san aon ionad cónaithe amháin ach atá ag maireachtáil saol ar leithligh ar shlí eile a chur ar áireamh ann.
-
Foráil lena laghdófar go bliain amháin an tréimhse trí bliana cónaithe ar leithligh a bhfuil feidhm aici maidir le hiarratais ar idirscaradh breithiúnach ar bhonn cónaithe ar leithligh i gcás nach dtoilíonn an freagraí le tabhairt na foraithne idirscartha bhreithiúnaigh.
-
Foráil lena n-áiritheofar, i gcás Breatimeacht gan mhargadh, gurb amhlaidh, maidir leis an aitheantas a thugtar in Éirinn do cholscarthaí arna dtabhairt sa Ríocht Aontaithe tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta Aontais Eorpaigh sa réimse sin an 1 Márta 2001, go mbeidh sé bunaithe ar ghnáthchónaí fós agus nach mbeidh sé bunaithe ar an gceanglas sainchónaithe a bhfuil feidhm aige maidir le colscarthaí i stáit nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad. Ní thabharfar an fhoráil sin in éifeacht ach amháin i gcás go dtarraingíonn an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach gan chomhaontú.
Dúirt an tAire freisin: “Gné lárnach de thograí an Rialtais is ea an aidhm atá againn an t-ualach ar dhaoine atá ag déileáil le cliseadh pósta a mhaolú. Teastaíonn tréimhse feithimh níos giorra le haghaidh colscartha chun a áirithiú nach bhfágfar daoine idir dhá cheann na meá agus chun costais dhaonna agus airgeadais an chliste pósta a mhaolú. Tá súil agam go mbeidh mé in ann an Bille um an Dlí Teaghlaigh a fhoilsiú san fhómhar agus é a thabhairt trí Thithe an Oireachtais a luaithe is féidir.”
Is féidir téacs na Scéime Ginearálta a fháil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag http://www.justice.ie/en/JELR/General_Scheme_of_Family_Law_Bill_2019.pdf/Files/General_Scheme_of_Family_Law_Bill_2019.pdf
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Shínigh an tUachtarán an tAcht um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2019, ina dhlí an 11 Meitheamh. Foráiltear leis an Acht do na leasuithe seo a leanas ar an mBunreacht ar cheadaigh an pobal iad i reifreann an 24 Bealtaine:
-
An íostréimhse cónaithe ar leithligh do chéilí atá ar lorg colscartha a bhaint d’Airteagal 41.3.2 den Bhunreacht; agus
-
Téacs Airteagal 41.3.3 ar cholscarthaí coigríche a ionadú.
Ní dhéantar athrú leis an Acht ar na forálacha eile atá in Airteagal 41.3.2, is iad sin:
-
gurb í an Chúirt agus an Chúirt amháin a fhéadfaidh colscaradh a thabhairt;
-
nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí; agus
-
go bhfuil socrú cuí ann, nó go ndéanfar socrú cuí, le haghaidh na gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí.
I ndréacht-Scéim Ghinearálta an Bhille um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) (Leasú), 2019, rud ar fhoilsigh an tAire é i mí an Mhárta roimh an reifreann, beartaíodh go leasófaí an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996, chun an íostréimhse cónaithe ar leithligh atá sonraithe in alt 5 den Acht sin a laghdú go dhá bhliain le linn na dtrí bliana roimhe sin (ó cheithre bliana le linn na gcúig bliana roimhe sin).
Tá sé tugtha le fios ag an Aire Flanagan go bhfuil sé beartaithe aige reachtaíocht a rith chun tuilleadh comhsheasmhachta a chur leis an dóigh a n-aithnítear colscarthaí coigríche agus go n-úsáidfidh sé an tsaintuarascáil ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí mar threoir le linn dó tograí a fhorbairt don reachtaíocht chuimsitheach sa réimse seo. Chuir an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí scrúdú ar an dóigh a n-aithnítear colscarthaí coigríche ar áireamh sa Chúigiú Clár um Athchóiriú an Dlí uaidh, a foilsíodh an 5 Meitheamh 2019.