Thug Leo Varadkar TD, an Taoiseach, ordú don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an tseachtain seo caite cuardach agus aisghabháil taifead a dhéanamh agus tuarascáil a chur le chéile ina leagfar amach an dul chun cinn atá déanta ar mholtaí Thuarascáil Toland a chur chun feidhme.
Tá na doiciméid seo a leanas á bhfoilsiú ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais tráthnóna (Dé Luain an 27 Samhain):
-
Tuarascáil eatramhach ar chuardach agus aisghabháil taifead (dar dáta an 24 Samhain 2017)
-
An tuarascáil deiridh ar an gcuardach agus aisghabháil taifead (dar dáta an 27 Samhain 2017)
-
Tuarascáil ina leagtar amach an dul chun cinn ar Thuarascáil Toland a chur chun feidhme
CRÍOCH