- Tosach feidhme le cur le príomhfhorálacha an Achta um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh 2015 an 18ú Eanáir
- Deir an tAire go n-aithnítear leis an athchóiriú go bhfuil an saol teaghlaigh ag éirí níos ilghnéithí.
- Beidh leastuismitheoirí, páirtithe sibhialta agus páirtithe comhchónaitheacha in ann iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht nó ar choimeád linbh.
- Tabharfar tús áite do leas an linbh agus an chúirt ag déanamh machnaimh in imeachtaí maidir le caomhnóireacht, coimeád nó rochtain.
18 Eanáir 2016
Tá Ordú sínithe ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Proinséas Mhic Gearailt T.D., inniu lena gcuirtear tosach feidhme le príomhfhorálacha an Achta um Leanaí agus Cóngais 2015 a bhaineann le caomhnóireacht, coimeád agus rochtain.
Dhearbhaigh an tAire Mhic Gearailt “go dtiocfaidh athchóirithe suntasacha ar an dlí teaghlaigh in Éirinn i bhfeidhm le héifeacht an 18ú Eanáir, a rachaidh i bhfeidhm ar chaomhnóireacht, coimeád agus rochtain.
“Comhlíonann na h-athchóirithe seo an rún daingean a bhí ag an Rialtas i gClár an Rialtais leis an dlí teaghlaigh a nuachóiriu chun socruithe a dhéanamh do réadúlacht shaol an teaghlaigh. Tairgeann na hathchóirithe seo réitigh na 21ú aoise do cheisteanna na 21ú aoise.”
Áirítear cuid díobh seo a leanas le roinnt den phríomh-athchóiriú a bhfuil tosach feidhme le cur leis inniu:
- Féadfaidh duine seachas tuismitheoir teacht chun bheith ina c(h)aomhnóir do leanbh.
- Beidh céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir tuismitheora, arb amhlaidh an stádas sin aige nó aici ar feadh tréimhse nach giorra ná 3 bliana, in ann iarratas a dhéanamh ar choimeád i gcás go bhfuil sé/sí tar éis a bheith ag roinnt thuismitheoireacht an linbh ar feadh 2 bhliain. Beidh seantuismitheoir nó gaol eile in ann iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar choimeád linbh i gcás gur duine fásta é/í atá tar éis a bheith ag tabhairt aire laethúil don leanbh ar feadh breis is 12 mhí agus nach bhfuil aon tuismitheoir nó caomhnóir ar bith ag an leanbh a bheidh toilteanach nó ábalta gníomhú mar chaomhnóir.
- Beidh gaolta linbh, amhail seantuismitheoirí nó iad siúd a ghníomhaíonn in loco parentis in ann iarratas a dhéanamh go mbeidh sé níos éasca rochtain ar leanaí a bheith acu sa chomhthéacs go gclisfear ar chaidrimh.
- Tabharfar tús áite do leas an linbh agus an chúirt ag déanamh machnaimh in imeachtaí maidir le caomhnóireacht, coimeád nó rochtain.
- Is féidir leis an gcúirt orduithe forfheidhmiúcháin a fhorchur i gcás go mbeidh coimeád nó rochtain diúltaithe do thuismitheoir nó do chaomhnóir.
- Beidh na cosaintí céanna ag leanbh, a bhfuil páirtithe sibhialta ina gcomhthuismitheoirí dó nó dí, is a bhíonn ag leanbh teaghlaigh bunaithe ar phósadh.
- Féadfar freagracht chothabhála a fhorchur ar pháirtí comhchónaitheach le haghaidh linbh pháirtí i gcás go mbeidh an páirtí ina c(h)aomhnóir don leanbh.
Lena chois sin, den chéad uair, déanfar caomhnóirí a leanaí d’aithreacha neamhphósta go huathoibríoch má chomhlíonann siad ceanglas comhchónaitheachta. Déanfar caomhnóir an linbh go huathoibríoch d’athair neamhphósta, a chónaíonn in aontíos ar feadh 12 mhí le máthair an linbh, lena n-áirítear 3 mhí tar éis bhreith an linbh. Ní foráil siarghabhálach é seo, mar sin, ní bhfaighfear caomhnóireacht go huathoibríoch ach amháin i gcás go mbeidh na tuismitheoirí ina gcónaí le chéile ar feadh 12 mhí ar a laghad tar éis 18 Eanáir 2016.
Dúirt an tAire: “Aithnítear leis na hathchóirithe seo go bhfuil saol an teaghlaigh ag éirí níos ilghnéithí. Glactar cur chuige leanbhlárnach ina leith leis na hathchóirithe, agus tabharfar tús áite do leas an linbh agus cúirt ag déanamh machnaimh i gcásanna dlí teaghlaigh.”
“Leis na hathruithe seo, táthar ag aithint go háirithe go mbíonn leastuismitheoirí nó páirtí comhchónaitheach tuismitheora ag tógáil go leor leanaí. Beidh leas-tuismitheoirí, páirtithe sibhialta agus comhchónaitheacha in ann iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht nó ar choimeád linbh. Beidh sé níos éasca do sheantuismitheoirí agus do na príomhdhaoine eile i saol linbh iarratas ar rochtain a dhéanamh.”
Chuir an tAire Mhic Gearailt críoch leis á rá: “Aithnítear leis na hathchóirithe seo an ról ríthábhachtach a bhíonn ag tuismitheoirí agus an gá a bhíonn ag leanbh go gcoinneofaí caidrimh dháiríre ar bun leis an mbeirt tuismitheoir.”
A Chríoch…/
Nótaí d’Eagarthóirí:
Cuireann an tOrdú um an Acht um Leanaí agus Cóngais 2015 (Tosach Feidhme Forálacha Áirithe) 2016 tosach feidhme inniú le forálacha sonraithe de Chodanna 1, 4, 5, 6, 7, 8, 12 agus 13 den tAcht um Leanaí agus Cóngais 2015.
Baineann na forálacha seo le caomhnóireacht, coimeád, rochtain agus cothabháil go príomha.
Is iad seo a leanas na príomhfhorálacha a thagann i bhfeidhm inniu, an 18ú Eanáir 2016:
- Tiocfaidh athair i gcaidreamh neamhphósta chun bheith ina chaomhnóir don leanbh go huathoibríoch má chónaíonn sé le máthair an linbh ar feadh 12 mhí chomhleanúnacha ar a laghad lena n-áirítear 3 mhí tar éis bhreith an linbh. Forálann an reachtaíocht seo an chéad sásra i ndlí na hÉireann lena dtugtar caomhnóireacht linbh go huathoibríoch d’aithreacha áirithe i gcaidreamh neamhphósta. Ní foráil siarghabhálach é seo: ní chuirfear ach comhchónaí tar éis an dáta tosach feidhme san áireamh.
- Féadfaidh duine seachas tuismitheoir teacht chun bheith ina c(h)aomhnóir ag an leanbh. Beidh duine in ann iarratas a dhéanamh chun na cúirte go gceapfar ina c(h)aomhnóir do leanbh é nó í má bhíonn an duine sin pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta le tuismitheoir an linbh nó má bhí sé/sí in aontíos le tuismitheoir an linbh ar feadh breis is 3 bliana agus má roinn an duine freagracht as cúram laethúil an linbh ar feadh breis is 2 bhliain.
- Beidh sé indéanta ag an gcúirt freisin duine a cheapadh mar chaomhnóir linbh má bhí an duine sin freagrach as cúram laethúil an linbh ar feadh breis is bliain agus mura mbíonn aon tuismitheoir nó caomhnóir toilteanach freagrachtaí na caomhnóireachta a ghlacadh orthu féin.
- Beidh na cumhachtaí a bheidh ag caomhnóirí a cheapfaidh an chúirt teoranta i gcoitinne do chinntí maidir le ceisteanna laethúla. Is iad seo a leanas cinntí a bheith forchoimeádta do chaomhnóirí iomlána: cinntí maidir le háit chónaithe an linbh, mar a thógfar iad ó thaobh cúrsaí creidimh, spioradálta agus cultúir de agus maidir le ceisteanna leighis, socrúchán le haghaidh nó toiliú le huchtú linbh agus maidir le ceist i ndáil le pas a eisiúint do leanbh.
- Beidh sé indéanta ag tuismitheoir ar caomhnóir é nó í, caomhnóir sealadach a ainmniú dá leanbh trí phróiseas cúirte má bhíonn tinneas nó gortú tromchúiseach ar an tuismitheoir a chuireann bac air nó uirthi a f(h)reagrachtaí caomhnóireachta a fheidhmiú. Ceapfaidh an chúirt an caomhnóir sealadach agus beidh sé de chumhacht ag an gcúirt freagrachtaí an duine sin a theorannú, agus aon teorainneacha a fhorchuirfidh an tuismitheoir á cur san áireamh.
- Beidh céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir, arb amhlaidh an stádas sin acu ar feadh tréimhse nach giorra ná 3 bliana, in ann iarratas a dhéanamh ar choimeád i gcás gur roinn sé/sí tuismitheoireacht an linbh ar feadh 2 bhliain. Féadfaidh duine iarratas a dhéanamh ar choimeád má bhí sé/sí ina t(h)uismitheoir don leanbh ar feadh bliana agus mura mbíonn aon tuismitheoir nó caomhnóir ann a bheidh toilteanach nó ábalta cumhachtaí agus freagrachtaí na caomhóireachta a fheidhmiú.
- Beidh seantuismitheoir nó gaol eile in ann iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar leanbh a choimeád i gcás gur duine fásta é/í atá tar éis a bheith ag tabhairt aire laethúil don leanbh ar feadh breis is 12 mhí agus mura mbíonn aon tuismitheoir nó caomnóir ar bith ag an leanbh a bheidh toilteanach nó ábalta gníomhú mar chaomhnóir.
- Beidh gaolta linbh, amhail seantuismitheoirí nó iad siúd a ghníomhaíonn in loco parentis, in ann iarratas a dhéanamh go mbeidh sé níos éasca rochtain ar leanaí a bheith acu i gcás go gclisfear ar chaidrimh
- Tabharfar tús áite do leas an linbh agus an chúirt ag déanamh machnaimh in imeachtaí maidir le caomhnóireacht, coimeád nó rochtain.
- Is féidir leis an gcúirt orduithe forfheidhmiúcháin a fhorchur i gcás go mbeidh coimeád nó rochtain diúltaithe do thuismitheoir nó do chaomhnóir. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh leis na horduithe seo: go bhfaighidh sé nó sí am cúitimh leis an leanbh, go gcúiteofar a chuid speansas leis nó léi nó go bhfreastalóidh páirtí amháin nó an dá pháirtí ar chláir thuismitheoireachta, ar chomhleoireacht teaghlaigh nó go bhfaighfear faisnéis maidir hidirghabháil.
- Beidh na cosaintí céanna ag leanbh, a bhfuil páirtithe sibhialta ina gcomhthuismitheoirí dó nó dí, is a bhíonn ag leanbh teaghlaigh bunaithe ar phósadh. Beidh an chúirt in ann riachtanais linbh chleithiúnaigh ag lánúin i bpáirtnéireacht shibhialta a chur san áireamh maidir leis an áit roinnte chónaithe. Beidh an chúirt freisin in ann ordú do pháirtí sibhialta cothabháil a íoc chun tacú le leanbh cleithiúnach na bpáirtithe sibhialta, lena n-áirítear cásanna nach leanbh ach aon duine amháin de na páirtithe sibhialta é/í an leanbh.
- Féadfar freagracht chothabhála a fhorchur ar pháirtí comhchónaitheach le haghaidh linbh pháirtí i gcás go mbeidh an páirtí ina c(h)aomhnóir don leanbh.