Seolann an tAire Flanagan an Fóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe
-
Fáiltíonn an tAire roimh bhunú an Fhóraim, agus é ag rá gur “Lá tábhachtach é seo do cheantar tuaithe na hÉireann”
-
Tá an Fóram faoi chomhchathaoirleacht ag an nGarda Síochána agus ag Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann
-
Tá an Fóram mar fhianaise ar an gcur chuige comhoibríoch atá á ghlacadh i leith Chosc na Coireachta agus i leith Sábháilteacht Pobail
18 Meán Fómhair 2019
Rinne Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Fóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe a sheoladh inniu ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i mBaile an Treathain, Co. Cheatharlach.
Ag labhairt dó ó phuball an Gharda Síochána, mhol an tAire Flanagan an obair a rinne na heagraithe chun an grúpa fadréimseach sin a thabhairt le chéile faoi scáth na Sábháilteachta Pobail.
Dúirt an tAire, “Is lá tábhachtach é seo do cheantar tuaithe na hÉireann agus is fianaise é ar an mbéim a chuireann an Garda Síochána ar phrionsabal na Sábháilteachta Pobail. Tá an Fóram ar bun anois faoi chomhchathaoirleacht ag an gCoimisinéir Cúnta Orla McPartlin ó Bhiúró an Gharda Síochána um Chaidreamh Pobail agus ag an Uas. Richard Kennedy ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann. Molaim iad ar obair an ghrúpa seo a bhrú chun cinn.”
Cuimsíonn an Fóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe ionadaithe ó raon leathan eagraíochtaí Stáit agus Pobail, lena n-áirítear iad seo a leanas: an Garda Síochána; Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann; Muintir na Tíre; Aoisbhá Éireann; Foróige; Cumann Lúthchleas Gael; Cumann Feirmeoirí Eallaigh agus Caorach na hÉireann; Bantracht na Tuaithe; an Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach; Scor Gníomhach Éireann; an tÚdarás Náisiúnta Iompair; Macra na Feirme; Faire Comharsanachta; Líonraí BSL; an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais; agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Díreoidh an grúpa go sonrach ar chur chuige comhoibríoch i leith sábháilteacht pobail agus, ag labhairt dó faoin gcur chuige sin, dúirt an tAire Flanagan, “Fianaise ar an tiomantas leanúnach atá ag an nGarda Síochána do mholtaí na tuarascála a chur chun feidhme is ea an fhíric gur bunaíodh an Fóram ag an am seo. Shainaithin an Coimisiún an géarghá atá ann le cur chuige comhoibríoch ilghníomhaireachta a ghlacadh in éineacht leis an bprionsabal ríshimplí nach leis na póilíní amháin a bhaineann an phóilíneacht agus an tslándáil.”
Dúirt an tAire freisin, “Bunaíodh an Fóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe chun an pobal a chur ar a shuaimhneas, chun líonra cumarsáide ar fud na tíre a fhorbairt agus a úsáid le haghaidh comhairle a dháileadh maidir le cosc na coireachta, chun rannpháirtíocht a mhéadú laistigh de phobail, chun an choireacht a chosc agus chun na deiseanna atá ann gabháil don choireacht a laghdú. Níl aon amhras orm go gcuirfear pobail agus daoine aonair ar fud na hÉireann a bhfuil eagla orthu roimh an gcoireacht go mór ar a suaimhneas mar thoradh ar obair an Fhóraim.”
Gach ráithe, déanfaidh an Fóram bileog faisnéise maidir le cosc na coireachta a dháileadh tríd an ríomhphost ar bhreis agus 1,000,000 teach ar fud na hÉireann. Tiocfaidh an Fóram le chéile 4 huaire ar a laghad in aghaidh na bliana freisin chun na hábhair imní atá acu sin a chónaíonn i gceantar tuaithe na hÉireann a phlé, chun tionscnaimh a fhorbairt le haghaidh sábháilteacht pobail a chur chun cinn agus chun na deiseanna atá ann gabháil don choireacht a laghdú ar fud na tíre.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Bunaíodh an Fóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe tar éis comhairliúcháin idir an Garda Síochána agus comhpháirtithe tábhachtacha amhail Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus Muintir na Tíre. Is é an sprioc atá leis a bheith ina ardán le haghaidh cur chuige comhpháirtíochta comhoibríoch a ghlacadh chun tacú le seirbhís póilíneachta pobail tuaithe a sholáthar. Thionóil an Fóram an chéad chruinniú dá chuid an 17 Aibreán 2019 agus tháinig sé le chéile trí huaire go dtí seo.
Tá ceithre phríomhchuspóir ag an bhFóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe, is iad sin:
-
An Pobal a Chur ar a Shuaimhneas
-
Líonra a Sholáthar le haghaidh Faisnéis a Chomhroinnt agus Cumarsáid a Dhéanamh
-
Rannpháirtíocht Pobail a mhéadú
-
An Choireacht a Chosc agus na Deiseanna atá ann gabháil don Choireacht a Laghdú
Déanfaidh na baill den Fhóram ábhar maidir le cosc na coireachta a dháileadh tríd an ríomhphost ar a mbaill féin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, meastar go rachfar i bhfeidhm ar bhreis agus 1,000,000 teaghlach ar fud na tíre. Ar an mbealach sin, laghdófar na deiseanna atá ann gabháil don choireacht.
Cuireadh físeán gearr le chéile ar an bhFóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe agus is féidir amharc air ar leathanach an Gharda Síochána (@gardainfo) agus ar leathanach na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais (@DeptjusticeIRL) ar Twitter.
An Lá Náisiúnta Rannpháirtíochta:
Cuirfear lá náisiúnta rannpháirtíochta ar siúl sna céadta láthair ar fud na tíre an 22 Samhain 2019. Ar an lá, beidh deis ag daoine den phobal bualadh le Garda pobail áitiúil, a bheidh in ann ábhair imní áitiúla a phlé le daoine den phobal agus comhairle phraiticiúil a thairiscint maidir le cosc na coireachta.
Tá mionsonraí an lae rannpháirtíochta sin á dtabhairt chun críche go fóill. Ba cheart do dhaoine den phobal teagmháil a dhéanamh lena n-ionadaí áitiúil ar an bhFóram chun tuilleadh faisnéise a fháil.