- Shínigh an tAire Flanagan an tOrdú um Thosach Feidhme don Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2019
- Cuirfear 4 seachtaine sa bhreis de Shaoire gan phá do Thuismitheoirí ar fáil ón 1 Meán Fómhair agus cuirfear 4 seachtaine sa bhreis ar fáil an bhliain seo chugainn
- Méadaítear aois cháilitheach an linbh ó 8 mbliana d’aois go 12 bhliain d’aois
- Féadfaidh tuismitheoirí iarratas a dhéanamh ar shaoire bhreise gan phá óna bhfostóir
23 Iúil 2019
Shínigh Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an tOrdú um Thosach Feidhme don Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2019. Mar thoradh air sin, féadfaidh tuismitheoirí a bhíonn ag obair iarratas a dhéanamh ar 4 seachtaine sa bhreis de shaoire do thuismitheoirí ón 1 Meán Fómhair 2019 i leith.
Dúirt an tAire Flanagan:
“Méadófar tréimhse na saoire gan phá do thuismitheoirí ón teidlíocht reatha 18 seachtaine go 22 sheachtain ón 1 Meán Fómhair 2019 i leith. Tiocfaidh athruithe breise in éifeacht an 1 Meán Fómhair 2020, tráth a mhéadófar an teidlíocht i leith saoire gan phá do thuismitheoirí go 26 seachtaine. Is é an toradh a bheidh ar na bearta nua ná go mbeidh tuismitheoir ar bith a bhain leas as an teidlíocht reatha 18 seachtaine in ann leas a bhaint as ocht seachtaine sa bhreis de shaoire do thuismitheoirí. Féadfaidh tuismitheoirí iarratas a dhéanamh chuig a bhfostóir anois ar chead a bhaineann leis an gcéad 4 seachtaine sa bhreis. Toradh eile atá ar an reachtaíocht is ea go méadaítear ó 8 mbliana d’aois go 12 bhliain d’aois aois an linbh dá bhfuil saoire do thuismitheoirí ar fáil. Féadfaidh idir mháithreacha agus aithreacha iarratas a dhéanamh ar an tsaoire sin, rud a rachaidh chun tairbhe go háirithe, dar liom, do thuismitheoirí a bhfuil fonn orthu an tsaoire gan phá a thógáil tráth a fhillfidh a leanaí ar scoil i mí Mheán Fómhair.”
D’fháiltigh David Stanton TD, an tAire Stáit le freagracht as Comhionannas, Inimirce agus Imeascadh, roimh thosach feidhme an Achta seo. Dúirt an tAire Stáit:
“Bhí ríméad orm obair i gcomhar le Comhaltaí den Oireachtas thar ceann an Rialtais chun an reachtaíocht seo a achtú agus a chur chun feidhme. Ba i mbille comhaltaí príobháideacha ar urraigh an Teachta Róisín Shortall agus an Teachta Catherine Murphy é a rinneadh an togra seo le haghaidh saoire bhreise gan phá. Tá an Rialtas ag leanúint le forbairt agus leathnú a dhéanamh ar a thograí féin chun na teidlíochtaí i leith saoire le pá do thuismitheoirí a mhéadú. I mí na Samhna 2019, cuirfear córas nua um shaoire do thuismitheoirí ar fáil do thuismitheoirí. Beidh an córas bunaithe ar árachas sóisialach. Leis an gcóras, soláthrófar dhá sheachtain de shaoire le pá don bheirt tuismitheoirí le linn na chéad bhliana de shaol an linbh. Meastar go rachaidh an t-athrú seo chun tairbhe do 60,000 tuismitheoir in aghaidh na bliana. Tá an figiúr sin de bhreis ar an dá sheachtain de Shaoire Atharthachta le pá d’aithreacha, rud a thosaigh sa bhliain 2016. Go dtí seo, rinne geall le 70,000 athair iarratas ar an scéim. Leanfaidh an Rialtas le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí ach tuilleadh solúbthachta a sholáthar dóibh agus iad ag iarraidh cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach agus a chothabháil.”
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
-
Is féidir ceisteanna coitianta faoin ní seo a léamh ar shuíomh Gréasáin na Roinne: http://www.justice.ie/en/JELR/Unpaid_Parental_Leave_(Frequently_Asked_Questions).pdf/Files/Unpaid_Parental_Leave_(Frequently_Asked_Questions).pdf
-
Tháinig an tOrdú fán Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2019 (Tosach Feidhme), 2019, i bhfeidhm an 19 Iúil 2019.
-
Faoin Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998, ceanglaítear ar thuismitheoirí fógra sé seachtaine a thabhairt dá bhfostóirí á rá go bhfuil sé de rún acu saoire do thuismitheoirí a thógáil.
-
Is é an toradh atá ar shíniú an Ordaithe um Thosach Feidhme go gcuirfear na hocht seachtaine sa bhreis de shaoire gan phá do thuismitheoirí i bhfeidhm de réir a chéile thar thréimhse dhá bhliain. Tabharfar ceithre seachtaine isteach i mí Mheán Fómhair 2019 agus tabharfar ceithre seachtaine sa bhreis isteach i mí Mheán Fómhair 2020. Cuirfear ar chumas fostóirí leis sin pleananna a ullmhú chun a chinntiú go mbeifear in ann na forálacha reachtacha nua a chur chun feidhme ar an mbealach is réidhe is féidir.
Mar chuid de Bhuiséad 2019, d’fhógair an Rialtas go dtabharfaí scéim nua um shaoire le pá do thuismitheoirí isteach. Meastar go dtosófar í níos moille i mbliana. Foilsíodh Scéim Ghinearálta an Bhille um Shaoire agus Sochair do Thuismitheoirí an 23 Aibreán. Soláthrófar leis an scéim nua sin ar dtús do dhá sheachtain de shaoire neamh-inaistrithe le pá in aghaidh an tuismitheora. Beidh siad in ann an tréimhse sin a úsáid chun am a chaitheamh lena leanaí nuabheirthe le linn na chéad bhliana dá saol. Ar deireadh, beidh tuismitheoirí in ann leas a bhaint as saoire seacht seachtaine an duine faoin scéim de réir mar a fhorbraíonn sí diaidh ar ndiaidh sna trí bliana atá le teacht. Meastar go rachaidh an scéim chun tairbhe do 60,000 tuismitheoir in aghaidh na bliana. Tá na tacaí sin á soláthar de bhreis ar shaoire mháithreachais agus ar shaoire atharthachta. Is féidir mionsonraí a léamh anseo faoin scéim ar fhógair an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí í: https://www.welfare.ie/en/pressoffice/Pages/PR230419.aspx